History and folklore as gaeilge

Translation by Údarás na Gaeltachta email us at: history@currane.net

Imirce Acla agus leathinis an Chorráin
Seoighe: Fear Ildánach (© an Mayo News)
Pádraig S. Ó Máille
Don Oir. James Dwyer, S.P ACAILL I.T.
Iascairí an Chorráin (© An Mayo News)
An tAthair Mícheál Ó Gallchóir
Patchacó
Muilinn Bhéal Fearsad

Tógáil na mhainistreach i mBun a' Chorraigh
Scoláireacht an Ghallchóirigh
Miceál a Mála
An tAthair Mícheál Ó Gallchúir (An tAth. Mick)
Sagairt Acla
1846 - 47 An Drochshaol in Acaill

An Fear a bhí ag Iompar an Choirp
An Báthadh i gCéibh Chathair na Mart
An Chéad Traein go hAcaill
“Scoltracha Anraith" sa gCorrán.
Baile Na h- Ailte
Buaileacht sa gCorrán
Scoltracha Náisiúnta
Muintir Mhícheáil Uí Ghallchóir
Smugláil
MacNeela agus an Caiptín Ó Máille
An Caiptín Ó Máille
Faisiúin Acla
Caitheamh aimsire san oíche
Turas na Cruiche.
'Tattie Hokers’


Murach Jean Cattigan, Pat Fallon, Sarah Moran agus Celia Ruddy (thuas), a chaith a dtréimhse taithí oibre chúns bhíodar ar scéim FÁS, ag cló an eolais seo ar an ríomhaire, ní bheadh an leabhrán ar fáil. Buíochas ó chroí leis an gceathrar agaibh as ucht an deis a thabhairt do chuile dhuine na cáipéisí seo a fheiceáil. Buíochas ó chroí freisin le chuile dhuine ar an scéim roimhe sin a bhailigh an t-eolas seo , agus dar ndóigh, le FÁS, Ionaid Phobail IT Acla, TASPO, scéim scoláirí Ghob a' Choire, Mhuintir Acla, agus eagraithe na gcúrsaí. Agus buíochas ar leith do Bridget Flynn agus a muintir as ucht cáipéis an Choimisiún Bealoideasa a thabhairt ar iasacht. Tá go leor dena scéalta nach fios cé hé an scéalaí, cuid eile atá tógtha as an Mayo News, agus siad cuimhní cinn Mhíchíl Uí Ghallchóir (Micí Tomaí), a thóg an Coimisiún Béaloideasa uaidh i 1941, cuid eile fós.

Tá an obair seo dá thíolacadh do Dhonnchadh Ó Gallchóir a raibh a chroí agus a anam san áit seo.


Imirce Acla agus leathinis an Chorráin

Is beag duine a bhí ag dul ar imirce as Acaill roimh 1880. Is amhlaidh a théadh na fir soir faoin tír ag spailpínteacht. Thógtaí ar aonaigh iad le haghaidh an tséasúir. Ach mhéadaigh ar an imirce go mór thréis 1880, agus ba é an t-údar a bhí leis seo ná ardú mór sa gcíos, lobhadh na bhfataí, agus teacht bealach taistil níos fearr. Is i dtús na n-ocht déag ochtóidí a thosaigh daoine ag tarraingt ar Albain. Is trí shiúl a gcos, 100 míle go Sligeach, agus ar bhád as sin go Glascú, a théadh na spailpiní. D'oibridís dona feilméirí fataí ó Mheitheamh go Samhain agus ansin d'fhillidís abhaile. San aimsir dheiridh, cuireadh bád ó ch'aon ait, ó Acaill agus ó Chathair na Mart, ar fáil dena spailpíní. In 1894 leagadh ráille traenach go hAcaill, rud a d'fhág bealach taistil díreach go Baile Átha Cliath, agus as sin bád go Glascú ag na spailpíní. I Mí an Mheithimh 1911 d'fhág 2,100 oibrí Acaill chun fataí a phiocadh in Albain, dream a dtugtaí na "tattie hokers" orthu.
Thosnaigh daoine ag imeacht go Meiriceá as Acaill ins na hocht déag ochtóidí. Bhí tógáil Chanáil Erie faoi lántseoil ag an am. Cheangail sé abhainn an Hudson i Nua Eabhrach le Loch Erie, atá ar cheann dena Locha Móra. Bhí na mílte, fir Acla ina measc, ag obair ar an tógáil seo. Stop an chanáil i gCleveland, Ohio, agus chuir na fir oibre futhú ansin nuair a bhí an obair críochnaithe. Sa lá atá inniu ann, tá 30,000 ainm de bhunadh cheantair Acla in eolairí teileafóin Cleveland; mar shampla, Ó Gallchóir, Ó Maolfhabhail, Mac Fhionntaoch, Mac Suibhne, Mac Conmara, de Búrca, Ó Domhnaill, Ó Cuireagáin, Seoighe, Ó Fearraigh, Ó Cathaláin, agus go leor eile.
I dtús an 20ú haois, d'oibrigh an chuid is sine den mhuirín agus beagnach chuile athair clainne in Acaill ar fheilmeacha éagsúla i Shasana, agus ar theacht an gheimhridh d'fhillidís ar Éirinn. Thugadh buachaillí óga, mná agus cailíní a n-aghaidh ar Albain suas go dtí deireadh na gcaogaidí. Tréis an Dara Cogadh Mór chuaigh go leor d'fhir Acla ag obair ar na foirgnimh i Sasana, agus is amhlaidh atá go dtí an lá atá inniu ann. Thagadh na fir oibre sin abhaile ar chuairt ghearr chuig a muintir faoi Nollaig agus sa Samhraidh. Ach ó dheireadh na seascaidí tá patrún na himirce as Acaill athraithe, agus sén chúis is mó leis seo ná an t-oideachas. San am a caitheadh d'fhágadh daoine óga an scoil tréis na bunscoile. Ach anois ní fhágann daoine óga nó go bhfuil an Ard Teistiméireacht déanta acu, agus san am sin féin is beag acu a théann ar imirce. Leanann siad ar aghaidh leis an oideachas, rud a fhágann go mbíonn deis ar phostanna níos fearr acu. Faigheann a lán obair i mBaile Átha Cliath, i nGaillimh, i Luimneach, agus go deimhin, imíonn siad go Sasana, an Ghearmáin, agus go Meiriceá má tá an t-ádh orthu víosa a fháil. Is beag a fhilleann ar Acaill chun socrú síos ann, agus dá bhrí sin tá an pobal ag dul i léig go tapaidh.

Daonra Acla

1911 - 6,800
1991 - 2,800

Bás in Acailll
Breith in Acaill

1995 - 101
1995 - 8

Taispeánann daonáireamh beag a rinne Grúpa Pobail Loch Gael (Fast) daonra leathinis an Chorráin san lá atá inniu ann. Tá sé roinnte ina hocht gcuid. Siad na coda sin ná Réamhscoil 20, Scoil Náisiúnta 97, Meánscoil 86, Ardscoil 40, Fostaithe 172, Dífhostaithe 108, Mná tí 81, Pinsinéirí 166, rud a fhágann an daonra timpeall 770. Ach níl aithreacha ná buachaillí óga a mb'éigean dóibh dul thar lear ag saothrú san áireamh anseo.

Back to top


Seoighe: Fear Ildánach (© an Mayo News)

Deir an seanfhocal gur easpa iontaobhais ionat féin é an géilleadh, agus is ceann é nach gcuirfeá thar Phádraig Joyce féin a chumadh. Cén Pádraig? Tá aiféala orainn; Seoighe ba chóir dúinn a rá, an t-ainm a raibh aithne agus eolas air ar fud Acla, an áit aoibhinn ar oibrigh sé chomh dúthrachtach sin ar a shon ar feadh a shaoil. Rugadh Seoighe i Maigh Mhuilinn ar an gCorrán i 1920. Fuair sé a chuid oideachais i Scoil Náisiúnta an Chorráin, i gColáiste Éinne i nGaillimh, agus i gColáiste Oiliúna Phádraigh i mBaile Átha Cliath. Bhí sé ina phríomhoide ar Scoil Náisiúnta na nDoiríní ó 1948 go dtí 1982. Bhí a chroí agus a anam sa teanga Ghaeilge, sa gcultúr agus sna cluichí gaelacha, agus b'iadsan b'ardú meanman dó. Thug sé a shaol, taobh amuigh den scoil agus dá chlann, do chuile ní Gaelach. Ba fhear é Seoighe a mhachnaigh go doimhin, agus nuair a bhí a intinn déanta suas aige ar cheist, ba dheacair é a bhogadh. Ba mhinic a réasúnaíocht ag cur oilc ar dhaoine a bhí i gcoinne a dhearcadh ar an saol, ach b'annamh a buadh air.
Bhí cúram shíoraí air faoi Acaill agus mhuintir Acla, agus b'shin í an chúis go raibh sé ina bhall de bhunaitheoirí Ghluaiseacht Chearta Sibhialta Acla i 1970, agus ina dhiaidh sin i gcur Chomhar Chumann Forbartha Acla ar a bhonnaibh. Is fiú aiste dá gcuid féin gach aon cheann acu, ach is féidir a rá gan bhréag nár spáráil Seoighe é féin san iarracht spriocanna gach aon ghrúpa a shroichint. Chomh fada agus bhain sé leisean, ní raibh aon chluichí eile ann ach cluichí Chumann Luthchleas Gael. Bhí sé ard sa gCumann, ar dtús mar bhall de bhunaitheoirí agus mar bhainisteoir fhad-théarmach Chlub Acla de Chumann Luthchleas Gael, agus ina dhiaidh sin mar Uachtarán ar Bhord Chumann Luthchleas Gael Mhuigheo Thiar, agus ar Bhord Mhionúir Mhuigheo. Dála a sheirbhís dá phobal féin, is go deonach dúthrachtach a bhí a sheirbhís do C.L.G. Bhí féith na scríbhneoireachta ann agus ní raibh sé ach nádúrtha go gcuirfeadh sé peann ar phár. Diabhal Smid Bhréige Ann , cnuasach de ghearrscéalta a d'fhoilsigh FNT/Mayo News i 1981, a bhí ar cheann de thorthaí na féithe sin. Bhí baint fhada shásúil aige leis an Mayo News, ag scríobh do Flashes from Achill ar feadh na mblianta. Ar ámharaí an tsaoil, tá a iníon, Catherine Seoighe, príomhoide Scoil Náisiúnta na nDoiríní, ag leanacht a loirg. Bhí a mhac Mícheál, atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath anois, ar fhoireann an Mayo News ar feadh na mblianta, agus ba é an chéad Bhainisteoir Fógraíochta lán-aimseartha a ceapadh anseo é.
Bhásaigh Pádraig i 1987 tréis tinneas marfach. Chruthaigh sé níos fearr ná an chuid is mó dá chomhaoisigh, agus is cinnte gur thug sé níos mó le linn a shaoil shár-ghníomhach. Is go caoin ceanúil a chuimhneofar air sa Mayo News, agus ní bheadh an t-eagrán comórtha céad bliain seo iomlán gan an teastas seo a thabhairt air. Ar dheis Dé go raibh a anam uasal.

Back to top


Pádraig S. Ó Máille.

Ba é Patrick J. O'Malley, iar-uachtarán an Cleveland AFL-CIO Federation of Labour, an ceannaire ceardchumainn ba chumhachtaí sa gcathair tráth den tsaol. Bhí sé ag baint céim i ndiaidh céime amach san United Auto Workers nó gur shroich sé post an stiúrthóra réigiúnach, post a choinnigh sé ar feadh naoi mbliana déag nó gur éirigh sé as obair i 1968.
Tugadh an tUasal Ó Máille as Páirc Fairview chuig ospidéal Lakewood Dé Domhnaigh de bharr taom croí agus bhásaigh sé ansin inné. Bhí sé cheithre scór bliain. Ba mac feilméara beag as Co. Mhuigheo, Éirinn, é, a fuair a chéad-amharc ar cheardchumannachas nuair a bhí sé ag obair i mianaigh guail Shasana, agus gan d'aois aige ach seacht mbliana déag. Cheithre bliana ina dhiaidh sin d'imigh sé go Cleveland, áit a raibh a thriúr deirfiúr curtha futhú, ach níor fhág sé an chanúint ná an tadhd ina dhiaidh, cé is moite gur mhaolaíodar leis na blianta. Ba cheannaire díreach a raibh ligean chuige agus uaidh aige é, agus má bhuail tadhd féin é ba ghearr uaidh a leithscéal a ghabháil, a dúirt sean-chomhleacaí leis.
Fuair sé saorántacht Mheiriceá ar an 22ú d'Eanair 1932. Bhí sé ina bhall d'Arm na Poblachta, ag troid na Sasanach, ach sin tréimhse dá shaol nach labhraíodh sé air. I seomra poist an Plain Dealer a fuair sé a chéad phost anseo. D'inis sé féin do thuairisceoir faoina bhriseadh as an bpost sin agus as trí cinn eile gairid ina dhiaidh de bharr a chuid tadhda. I 1928 fuair sé post mar chléireach liostála agus maor ama. Nuair a heagraíodh ceardchumann an tsean-CIO ann chúig bhliana ina dhiaidh sin, bhí sé ar cheann dena chéad daoine a chuaigh isteach ann. Ba shin ba tús lena bhlianta fada ag plé leis an gCeardchumannachas. Baistíodh Cumann Áitiúil 32 den UAW ar cheardchumann White, agus ní raibh post oifigigh ag imeacht nach bhfuair an Uasal Ó Máille i rith na mblianta. Bhí sé ina uachtarán páirt-aimseartha ar an Cleveland Federation of Labour ó 1958 go 1968, ach nuair a d'éirigh sé as a phost mar stiúrthóir réigiúnach an UAW i 1968, ceapadh ina uachtarán lán-aimseartha é. Aisteach go leor, ba i 1968 a tharraing an UAW amach as an AFL-CIO náisiúnta, agus déanadh ball den International Association of Machinists don Uasal Ó Máille, chun go mbeadh sé i dteideal an phoist is airde, post a choinnigh sé go tús na seachtóidí. Bhí sé ina leas-uachtarán freisin ar an Ohio AFL-CIO.
D'imir sé sacar le Celtics sna chéad bhlianta dó i Cleveland, agus mháirseáil sé i bparáideanna Lá le Pádraig ag casadh na bpíopaí i mbanna máirseála. Ba é a bhí mar ard-mhaor ar an bparáid i 1959. Bhronn an Greater Cleveland Knights of Columbanus Duais Chathartha air i 1964, agus i 1968 d'ainmnigh an Irish Good Fellowship Club ina Irish Good Fellow é. Bhí sé ar bhord a lán grúpaí cathartha agus leasa shóisialta, agus i 1970 cuireadh i gceannas ard-ghiúiré an chontae é do théarma Mheán Fhómhair. Sa mbliain 1967 bhronn an United Appeal of Greater Cleveland duais seirbhíse oirirc air. Tréis éirí as obair dó chaith sé chúig bhliana ar bhord achomhairce criosála Pháirc Fairview. Bhásaigh a bhean Mary, tréis trí bliana agus leathchéad a bheith caite pósta acu, i 1981. D'fhág sé beirt iníon, Patricia Ratty agus Nancy McNamara, ina dhiaidh, i dteannta le deichniúr garchlainne, triúr iar-gharchlainne, agus triúr deirfiúr, Mary, Annie agus Betty. Beidh an tseirbhís ag 10.00 a.m. in Eaglais Caitliceach N. Angela Merici, 20970 Br. Lorain, Páirc Fairview.

Back to top


Don Oir. James Dwyer, S.P ACAILL I.T.

A Oirmhinnigh Uasail,
chun mé féin a shaoradh, sílim go bhfuil sé riachtanach an drochbhail a chuir tú orm Dé Domhnaigh sé caite ag an Aifreann a chur os comhair an phobail, i dteannta an údair feirge a thug mé dhuit. Tá fhios agat gur fear mé a mhaireann ar mo thionscal, agus dar ndóigh meáim agus íocaim le chuile dhuine is cuma cén creideamh atá aige, chomh fada agus atá sé ionraic ina ghnaithí. Dá bhrí sin, dhíol mé roinnt fataí le lucht an Cholonaí, beart a d'íoc tú go míthrócaireach orm ag an Aifreann, trí mo mhaslú agus mo mhallachtú, agus trí mo dhíbirt as an Séipéal os comhair an phobail mar a dhéanfá le eiriceach. Go deimhin, ní thabharfainn milleán dhuit mallacht a chur orm dá mbeinn chun mo chreideamh a athrú, díreach mar a dhéanann tú le chuile dhuine eile a iompaíonn ina Phrotastúnach, ach ní hamhlaidh an cás dhomsa. Ní dhearna mé ach luach a gcuid airgid a thabhairt dóibh díreach mar a dhéanfainn le éinne eile, agus féadfaidh tú a bheith ag léamh na mallacht go lá philib a' chleite ach, ní choiscfidh tú mé, mar tá mé cinnte nach ligfidh Dia dhóibh titim orm sa gcás ina bhfuil mé.

Anois, ó tharla gur bhain tú asam é, cuirfidh mé do thréithe suaracha, do chaitheamh anuas ar dhaoine, os comhair an phobail. Tá fhios agat an uair dheiridh a raibh na faoistiní agat in mo theach-sa go ndeacha tú go dtí an chéad bhaile eile, agus gur dhúirt tú leis na comharsan go raibh súil agat go gcaithfidís níos fearr leat ná mar a chaith mise; nach raibh tú ariamh i dteach chomh suarach, gur thug mé ocras duit féin agus dona caiple. Thug tú éitheach, agus tá T. & R. & M'G, triúr duine uasal a thug mé chun dinnéir le comhluadar a dhéanamh leat ar an ócáid sin, mar fhianaise agam. Tá fhios agat gur ar an Aoine a thit sé agus nach bhféadfá feoil a ithe. Dá bhrí sin, réitigh mé lang saillte le haghaidh do dhinnéir agus neart fuisce, agus thug mé neart aráin agus ime agus tae dhuit le haghaidh do bhricfeasta agus do shuipéir, agus ina dhiaidh sin an oiread puins agus a bhí tú ábalta a ól, agus fuair na caiple neart fataí, mar ná raibh aon choirce le fáil. agus sé a raibh de bhuíochas agat orm ná a bheith ag caitheamh anuas orm taobh thiar de mo dhroim.
Is mise, a Dhuine Uasail,
Patrick McHugh,
Dún Eibhir, 5 Iúil, 1839.

Back to top


Iascairí an Chorráin (© An Mayo News)

Ar an 14ú Nollaig seo caite, thóg Fórsaí Shaorstáit Éireann báid iascaigh iascairí an Chorráin, Acaill, agus tugadh go Céibh Chathair na Mart iad, áit a bhfuileadar coinnithe ó shin. Tá sé cloiste againn go bhfuil na hiascairí sin a bhfuil cosc orthu a mbeatha a shaothrú ar anchaoi, agus go bhfuil Comhairleoir Ceantair Theach na mBocht Chathair na Mart chun fóirithint a lorg dóibh. Breathnaíonn sé aisteach go mbeadh na báid coinnithe chomh fada sin. Is i léig atá siad ag dul ceangailte i gCéibh Chathair na Mart, agus is mór an seans nach fiú tráithnín cuid dena báid sin anois. Tá súil againn go dtabharfaidh siadsan a bhfuil an cumhacht acu aird ar an scéal seo. Is uafásach an chailliúint dena hiascairí bochta seo a gcuid bád a bheith tógtha le linn séasúr iascaigh an troisc.

Sin tuairisc a tógadh ón Mayo News, 10ú Márta 1923. Fuair muid amach gur thóg Arm an Saorstáit nó na Dubhchrónnaigh ocht mbád ón gClochán, agus tá cuimhne ag roinnt seandaoine ar an lá sin, agus a bheith ag breathnú ar na báid ag dul soir go Cathair na Mart, ceann i ndiaidh an chinn eile. Siad na báid a tógadh ná bád Mhícheál Sheáin, Mhícheál Jim, Mhícheál an Táilliúra, Phat Liam, Pheaits Mór, James Mhaud, Phat Mhícheáil. Tugadh na báid ar ais agus híocadh £8 cúiteamh leis na hiascairí.

Back to top


An tAthair Mícheál Ó Gallchóir

Sa mbliain 1847, bliain an ghorta, cuireadh an tAth. Mick i gceannas paróiste Acla. Bhí misiún Nangle i mbarr a réime. Bhí cáil oibre Mhick ar son a phobail sroichte go hAcaill, agus thosaigh Nangle agus a lucht leanúna dá chrá agus dá chiapadh ar chuile bhealach. Chuir an tAth. Mick faoi sa gCaiseal mar go m'shin é an áit b'fheiliúnaí dó chun freastal ar an bpobal, agus rinne Nangle chuile iarracht é a dhíbirt ach chinn air. Ní raibh aige le déanamh ach an áit a cheannacht ó O'Donnelly Bhaile Uí Fhiacháin, agus ansin d'éirigh leis an sagart a chur as seilbh. B'éigean dó imeacht as an gCaiseal agus chuir sé faoi i dTeach an Mháma. Ach fiú amháin ansin féin lean na ciapadóirí é, agus briseadh anuas an staighre agus an sagart inairde an tí. Ghoill na bealaí cama Nangle fiú amháin ar dhaoine áithrid i gChumann Protastúnach Acla, agus thug William Pike as Doire an Rí píosa beag talúna don tsagart i mBréan Ascaill chun tógáil air.
Dála Oileán Éadaigh, níor spáráil an tAth. Mick é féin, d'oibrigh sé luath agus mall ar son a phobail. Go deimhin féin, déanadh cláiríneach de tráth a raibh sé ag freastal ar dhuine dá phobal. Chaith an capall é agus é ar a bhealach chun an Ola Dheireannach a chur ar fhear a bhí ag fáil bháis i mBaile an Ghleanna sa gCorrán, agus briseadh a ghlúin. Ón lá sin amach, b'éigean dó dhá mhaide a bheith aige. Ar ócáid eile, glaodh go Dubh Éige air ag a haon a' chlog ar maidin chun freastal ar fhear bhí ag fáil bháis, agus de bhrí nach raibh aon bhóthar go Dubh Éige ag an am d'iarr sé ar shean-Mhaitiú Heaney é a thionlacan. Ach nuair a bhíodar imithe chun bealaigh, tháinig dream eile ar a lorg chun freastal ar dhuine tinn i Maigh Mhuilinn sa gCorrán, agus sar ar chasadar-san abhaile dúradar le cailín an tsagairt go lasfaí tine i Maigh Mhuilinn dá mbeadh géar-ghá leis an sagart an oíche sin.
Nuair a d'fhill an sagart agus Maitiú as Dubh Éige bhí an tine le feiceáil i Maigh Mhuilinn, agus nuair a hinsíodh a brí don tsagart ní dhearna sé ach an capall a shrathrú agus imeacht ar cosa in airde go Gob na Fearta trasna ó Mhaigh Mhuilinn. Thug sé aghaidh an chapaill sa taoille, agus shnámh sé é trasna an leathmhíle farraige gur tháinig sé i dtír ar Ghob na nAistrí. Bhí sé díreach in am leis an Ola Dheireannach a chur ar an bhfear a bhí ag séaladh. Is mór an seans dá dtéadh sé bóthar Bhéal Fearsad a bhí níos sábháilte ach níos faide, go mbeadh an t-othar séalaithe gan an Ola Dheireannach.
Ba shin é an tAthair Mick Gallagher, ceann dena daoine ba chlúitigh in Acaill, nár spáráil é féin lá ná oíche ar son a phobail, agus dála an Chruthaitheora, go mba é a shearbhónta dílis é, ní raibh fabhar aige leis an saibhir thar an daibhir. Ba le dea-chroí ba mó a shaothraigh an tAth. Ó Gallachóir dá phobal, mar go rabhadar beo bocht, agus gur beag an tuarastal a bhíodar i ndon a íoc. Ní raibh ach £5 i dtuarastal na bliana ar fad in Acaill Uachtair uair amháin, agus murach acmhainn a athar ní mhairfeadh an sagart dúthrachtach ar an Soiscéal. Uair eile, ní raibh ach 15/- i mbailiúchán na Cásca ar Acaill Íochtair, agus thug sé an bailiúchán iomlán d'fhear bocht le fóirithint ar a mhuirín.
An t-achar agus a bhí sé ina chónaí i mBréan Ascaill, d'fhostaíodh sé beirt fhear chuile earrach chun a phaiste beag talún a chur. Ba chuid dá ndualgas a dhul sa gcladach agus feamainn a bhaint ar na carraigreacha chun leasú a chur ar na fataí. Earrach amháin, thug na fir a bhí ag obair don Ath. Mick bád leo chomh fada leis an gcladach taobh thiar d'áras Chormaic ar an gCorrán. Ba é Cormac an tiarna talún, agus d'fhág duine dena fir an bád chun feamainn a bhaint ar mhullán báite. Dúirt Cormac go mba leis féin an mullán agus an fheamainn a bhí air, agus chuir sé an dlí ar an Ath. Mick de bharr bradaíle agus damáiste. Dhealródh sé go mb'aisteach an beart le déanamh ag tiarna talún Caitliceach é seo, ach bhí an tAth. Mick go láidir in aghaidh tiarnas talún, agus b'fhada le Cormac go mbainfeadh sé a shásamh amach. Dála cúis eile a tugadh in aghaidh an Ath. Mick, bhí an cás ag gabháil ó chúirt go cúirt go dtí go raibh cúpla céad punt cosnaithe aige sa deireadh, agus tréis gur ofráil Cormac an cás a réiteach ar shuim bheag, ní ghlacfadh an tAth. Mick, a cheap gur aige féin a bhí an ceart, lena réiteach, agus sa deireadh thiar caitheadh an cás amach. Dá bhrí sin, chaith an tAth. Mick a chostais dlí féin a íoc, agus aríst ar ais sén t-athair a tháinig i gcabhair air, ach fén am go raibh na fiacha íoctha bhí an sparán an athar spíonta.
Bhásaigh an tAth. Mick Gallagher go réasúnta óg, gan aige ach an trí scór bliain, ach bhí a chuid blianta ar an misiún an-chrua, agus mharaigh sé é féin ar son an phobail. Dar ndóigh, bhris sé caipín a ghlúnach le linn dó a bheith ag freastal ar othar, agus de bharr droch-aire, agus gan é ag tabhairt aon deis di feabhsú ceart, tháinig sí roimhe go mór sna blianta deireannacha.
Ar an 2ú lá de Mhí Mheán Fhómhair 1867 bhásaigh an tAthair Mick Gallagher. Nuair a shroich an scéala an pobal, tháinigeadar ina sluaite; ó Dhubh Eacha go Corrán, ó Acaill Beag go Tóin re Gaoith, chun a n-omós dá sagart dílis a thaispeáint, agus chun suaimhneas síoraí dá anam a éileamh ar Dhia ina dteanga dhúchais Ghaeilge. Sar ar bhásaigh sé, chuir sé a mhian gur i dteannta a athar agus a dhearthár i gCill Damhnait a chuirfí é, ar pháipéar. Ar lá na sochraide rinne an Ath. Richard Prendergast iarracht é a chur i dTeach Pobail Chill Damhnait, ach chuir William Pike ina choinne, agus ní raibh aon mhaith aige ann go gcomhlíonfaí téarmaí an úchta. Cuireadh an tAth. Mick sa gcré i sean-reilig Chill Damhnait i dteannta a athar agus a dhearthár.

Back to top


Patchacó (1941)

Bhí iníon Phatchacó pósta ag duine dena Heverins go mba leo an muileann, (bhí an muileann i mBéal Fearsad in aice na háite a bhfuil Teach an Phobail faoi láthair, agus tá Béal Fearsad gar do Ghob a' Choire). Pat McNeela a bhí ar Phatchacó, agus b'as Tóin re Gaoith nó an Clagán (i mBaile Chruaiche Íochtair) é. Bhíodh sé leis an gCaiptín Ó Máille; bhí sé ina fhear farraige ní b'fhearr ná an Caiptín, ach ní raibh stiúradh an Chaiptín aige, agus is annamh a théadh an Caiptín chun farraige dá oireasa.

Back to top


Muilinn Bhéal Fearsad (1941)

Bhí ch'aon cheann acu in aice an tséipéil ar an taobh ó dheas, san áit a bhfuil na haibhneacha ag déanamh a mbealach go cladach. Ba le teallach dena Heverins as Iorrus (as Dubh Loch b'fhéidir, s.m) iad. Tá cuid dá sinsear i gcónaí i mBéal Fearsad fós, agus bhí duine dena fir pósta ag iníon Phatchacó. Ba le haghaidh meilt choirce ceann dena muilinn agus ní raibh sa gceann eile ach ceann beag le haghaidh ramhrú flainnín. Ba é ceann an choirce ba ghaire don tséipéal. Tá sé os cionn leathchéad bliain ó stop an ceann mór ach bhí an ceann beag ag obair suas go dtí timpeall scór bliain ó shin.

Back to top


Tógáil na mhainistreach i mBun a' Chorraigh (1941)

Is cuimhin liom nuair a tháinig na manaigh go Bun a' Chorraigh (baile beag i lár Acla), agus is beag ná raibh sé ina throid nuair a bhíodar ag bailiú na gcloch don mhainistir. Ba ar thalamh Ghallchóir (úinéirí an tí ósta atá ar cíos ag Michael Lyons anois), os cionn an bhóthair ag an droichidín, a bhí na clocha bailithe lena dtabhairt síos go Bun a' Chorraigh, an áit a rabhadar chun an mhainistir a thógáil. Tháinig muintir an Chaisil agus Bhun a'Chorraigh leis an manaigh a stopadh na clocha a thabhairt anuas. Nuair a chuala muintir an Chorráin an scéala tháinigeadar anuas faoina gcuid caiple agus asail agus cairteanna, chun na clocha a thabhairt síos do na manaigh.
Ba bhean ó thaobh an Chloch Mhóir, Grace Gallagher, a rug ar an gcéad chloch, agus ansin lean fear darbh ainm Patín í agus fear dena Nualláin. Ba de mhuintir an Ath. Gallagher í Grace Gallagher (féach sliocht ar an Ath. Gallagher). Nuair a chonaic muintir an Chaisil agus Bhun a' Chorraigh go raibh muintir an Chorráin dháiríre, chuadar abhaile agus tógadh an mhainistir.
Bliain nó dhó thréis do m'uncail (An tAth. Michael Gallagher) a theacht go hAcaill a tógadh an mhainistir. Is san mbliain 1847 a tháinig an tAth. Gallagher go hAcaill. Bhí furmhór mhuintir Bhun a' Chorraigh agus an Chaisil ina "soupers" ag an am, agus sin é an chúis ná raibh aon fháilte acu roimh an mainistir i mBun a' Chorraigh. Ach ba Chaitlicigh dílse iad furmhór mhuintir an Chorráin, agus tháinigeadar chun cabhrú leis na manaigh. Thug an tEaspag ordú go mbeadh céad míle fáilte, fuíollach le n-ithe agus leaba na hoíche ag fear an Chorráin an t-achar agus a bheadh an mhainistir ann. Níl fhios agam an bhfuil sin amhlaidh i gcónaí mar tá an saol athraithe, agus ní bhíonn daoine ag taisteal fada de shiúl a gcos mar a bhíodh fadó.

Back to top


Scoláireacht an Ghallchóirigh (1941)

Fear de Challchóirigh Thír an Áir (baile fearann idir Maolraithnigh agus Baile Uí Fhiacháin a bhí ina shagart paróiste i Meiriceá, agus bhí go leor dá ghaolta as Baile Chruaiche agus Acaill ina gcónaí san áit chéanna, agus bhailíodar go leor airgid dó. Ba de mhuintir Campbell a mháthair. Bhí an t-airgead le caitheamh chun oideachas a chur ar Ghallchóirigh Acla, Bhaile Chruaiche agus Thír an Áir chun a bheith ina sagairt, agus aon airgead a bheadh fágtha le dhul go Tír Chonaill chuig sliocht na nGallchóirigh ansin. Fuair go leor dena Gallchóirigh - ach ní mba Gallchóirigh uilig iad; ba dena Gallchóirigh cuid dena máithreacha - an scoláireacht ach deamhan duine acu a chuaigh ina shagart. Ba mac garda as Baile Uí Fhiacháin an chéad duine ar déanadh sagart de as an scoláireacht, ach ní mba Gallchóireach eisean.

Tháinig an sagart a d'fhág an t-airgead ar cuairt ar Thír an Áir, agus chuaigh sé go hAcaill thrín gCorrán agus ar ais arís go Tír an Áir de shiúl a chos. Bhí sé chomh gortach agus nach gcaithfeadh sé pingin rua, agus ní haon ionadh go raibh airgead aige. Déanadh sagart den Ath. Gallagher seo am éigin tréis m'uncail (an tAth. Michael Gallagher) agus is tré mholadh an Ath. Michael a fuair sé an áit i Meiriceá. Chúns bhí sé sa mbaile ar saoire níor thug sé pingin rua dá chairde ná níor fhág sé tada acu ina úchta. Fuair roinnt mhaith de Ghallchóirigh Acla an scoláireacht, ach tharla rud éigin do chuile dhuine riamh acu roimh a n-oirdniú, agus ní raibh éinne acu ina sagart dá bharr. Caithfidh sé go bhfuil mallacht nó mí-ádh éigin air.

Back to top


Miceál a Mála”(Michael Gallagher) (1941)

Ba é an Michael Gallagher seo athair m'athar, agus ba é an tAthair Michael Gallagher a mhac agus deartháir m'athar. Tommy Gallagher a bhí ar m'athair. Bhí mo sheanathair an-mhaith as. Bhí húicéara aige agus bhíodh sé ag iascach an mhíol mhóir. Théadh sé go Tír Chonaill ag ceannacht stocaí agus dá ndíol, ach ní raibh tada le spáráil aige i dtosach. Lá amháin agus é ina fhear óg ar an gCorrán anseo, tháinig strainséara isteach agus dúirt sé gur theastaigh cúpla péire stocaí uaidh ach ná raibh aon airgead aige. Dúirt mo sheanathair leis "Ní aithním tú, bhfuil bannaí ar bith agat?" "Mac Dé" arsa an strainséara, agus uaidh sin amach bhí an t-airgead dá charnadh isteach ag m'athair, agus ní fhaca sé lá bocht ina dhiaidh sin gur cailleadh é. Nuair a bhí a mhac, an tAthair Michael i gColáiste Mhaigh Nuat, bhíodh lá sa mbliain a dtéadh na haithreacha ar cuairt chuig a mic sa gcoláiste. Bhíodh féasta mór acu agus is amhlaidh a bhailíodh na haithreacha luach an dinnéir eatarthu féin. Uair dá raibh mo sheanathair ag an dinnéar agus a tosnaíodh ar an airgead a bhailiú, sheas mo sheanathair suas agus dúirt sé "Ná bacaigí leis, glanfaidh mise an scór inniu".

Back to top


An tAthair Mícheál Ó Gallchúir (An tAth. Mick) (1941)

Mar a dúirt mé cheana, ba é an tAthair Mick Gallagher m'uncail, agus ní raibh mé ach trí seachtainí d'aois nuair a tháinig sé go hAcaill mar shagart paróiste. Tháinig sé in 1847 tréis tamall a bheith caite aige in Turoc (timpeall 4 mhíle ó Chaisleán a'Bharraigh ar an mbóthar go Baile Mhearaigh) agus tamall eile in Oileán Éadaigh (atá idir Caisleán an Bharraigh agus Cathair na Mart). Is as Oileán Éadaigh a tháinig sé go hAcaill, agus chuir sé faoi i dteach beag sa gCaiseal (baile i lár Oileán Acla). Cuireadh caoi ar an teach agus bhí sé ina theach breá compóirteach ceanntuí ansin. Nuair a fuair na "jumpers" talamh an Chaisil b'éigean don tsagart imeacht, agus tháinig sé go Bréan Ascaill (baile beag timpeall 3 mhíle ó dheas de Ghob a'Choire ar an taobh thiar den sunda).
Ba i ndúiche Pike, tiarna talún agus seanathair an Uas. Pike atá ina chónaí timpeall leathmhíle siar ó Ghob a'Choire anois, a bhí Bréan Ascaill. Bhí cairdeas mór idir Pike agus an sagart thréis go mba Protastúnach é Pike. Chaith sé fear amach as a theach i mBréan Ascaill agus thug sé an teach don Ath. Mick, ach thóg sé teach don fhear a chuir sé amach. Go deimhin, bhí Pike an-fhlaithiúil le m'uncail (An tAth. Mick). Thug sé ocht n-acra talún dhó ag séipéal Chill Damhnait, agus chuir sé fál air. Tá sé le feiceáil inniu, tá sé ar an taobh ó dheas den tséipéal, agus tá sé roinnte in ocht straidhp anois. Má chomhaireann tú ocht straidhp síos ón séipéal tiocfaidh tú chuig díog aitinn. Ba talamh iad na hocht straidhp sin a thug Pike do m'uncail. Ba sár-mharcaíoch é an tAth. Mick agus bhíodh capall maith aige i gcónaí, Bhí capall glas aige uair amháin agus ba bhreá an beitheach é. Tá pictiúr den tsagart ag marcaíocht an chapaill ghlais thíos tí Phike fós (teach Pike, leathmhíle taobh thiar de Ghob a'Choire). Tá an teach ina raibh m'uncail ina chónaí ann le feiceáil fós thíos ag an gcladach i mBréan Ascaill. Is teach ceannslinne dhá stór atá anois ann, ach nuair a bhí m'uncail ina chónaí ann ní raibh ann ach teach ceanntuí. Scanlán atá ina chónaí anois ann.

Back to top


Sagairt Acla (1941)

Ba é an tAthair Ó Máille a bhí ina shagart paróiste in Acaill roimh an Ath. Michael. Bhí séiplíneach ag an Ath. Ó Máille darbh ainm an tAth. Malachy Monaghan, agus b'eisean a bhaist mé. B'as Baile an Tobair nó Páirtrí (dhá bhaile fearann timpeall 8 nó 9 de mhílte ó dheas de Chaisleán an Bharraigh) an tAth. Ó Máille. Athraíodh as Acaill é sar ar tháinig an tAth. Mick. Sílim gur i ngeall ar é a bheith sean a hathraíodh é; níl fhios agam cár cuireadh ansin é. Bhí an tAth. Malachy Monaghan tamall deas in Acaill tréis don Ath. Ó Máille imeacht. Nuair a d'fhág seisean tháinig an tAth. Henry ina áit, agus b'eisean a bhí ina shéiplíneach ag an Ath. Mick. An tAth. Pat O'Connor a tháinig ina shagart paróiste i ndiaidh an Ath. Mick, an tAth. Colleran ina dhiaidh sin, agus ansin an tAth. Campbell, atá ina shagart paróiste faoi láthair. Sin cúigear sagart paróiste le mo linnse, agus an tAth. Ó Máille, ach níl aon chuimhne agam airsean. Níl mé cinnte dena séiplínigh mar ní fhanaidís sin i bhfad. Tá an tAth. Mick curtha i gCill Damhnait i dteannta a mhuintire agus mo mhuintire, agus dá fhaide é ní i bhfad go mbeidh mise mé féin in éineacht leo. Bhásaigh sé in 1867 (2ú Meán Fhómhair 1867), agus bhí scór bliain caite aige ina shagart paróiste sar ar tháinig sé go hAcaill. Ní bhíodh ach séiplíneach amháin in Acaill ag an am sin, ach anois tá triúr ann i dteannta an tsagairt paróiste. Bhí sé crua ar dhá shagart freastal ar pharóiste mhór ar nós Acla; ní raibh ach dhá shéipéal sa bparóiste ag an am, ceann i gCill Damhnait, agus an ceann eile in Abhainn (baile ar an taobh thoir den Chaol ar Oileán Acla). Anois, tá sé shéipéal agus cheithre shagart sa bparóiste, agus ina dhiaidh sin caitheann siad aifreann a rá i scoiltreacha do bhailte atá ró-fhada ón séipéal.

Back to top


1846 - 47 An Drochshaol in Acaill (An Gorta in Acaill) (1941)

Bhí húicéara ag m'athair agus chuaigh sé síos go Rathfarm (baile fearann in aice Chill Ealla i gCo. Mhuigheo) le haghaidh lucht fataí. D'ól sé luach na bhfataí, agus thit sé isteach le hoifigeach ghardaí cósta Rathfarm darbh ainm Lyons. D'fhan sé tí Lyons go bhfuair sé tuilleadh airgid as an mbaile le n-íoc as na fataí. Nuair a tháinig an t-airgead d'íoc sé an lucht fataí, agus tháinig sé abhaile timpeall Cheann Iorruis. Nuair a bhí sé i Rathfarm ní raibh aon mhóin san áit ach cipíní. An bhliain dar gcionn, chuaigh m'athair síos aríst le haghaidh lucht eile fataí, ach an uair seo thug sé húicéara eile leis i dteannta a chinn féin, agus ch'aon cheann acu luchtaithe le móin. Fuair sé an dá lucht fataí ar an dá lucht móna, agus tá mé cinnte gur thug sé roinnt mhaith do Lyons. Tamall ina dhiaidh sin cuireadh Lyons go hAcaill Beag áit a raibh stáisiún (stáisiún na ngardaí cósta) ag an am, agus nuair a casadh m'athair air phóg sé é, bhí sé chomh ceanúil sin air. Dar fia, bhíodar ina gcairde móra nó go bhfuair m'athair bás.

Back to top


An Fear a bhí ag Iompar an Choirp (1941)

Chonaic mé le mo dhá shúil féin, buíochas le Dia, fear ag teacht anall as Dubh Éige (baile ar chósta theas Oileán Acla, timpeall leathbealaigh idir Aill Cac a' Mhionáin agus Béal na gCliath), agus corp ar a dhroim aige. Bhí eiris dá lámh ar an gcorp. Ní raibh aon chónra ar an gcorp ach an t-éadach ar bhásaigh sé ann. Nuair a bhí sé ag dul thar an teach - bhí mé féin, mo mháthair agus mo dheirfiúr ag breathnú amach - chuir mo mháthair mo dheirfiúr ag tabhairt cúnamh den fhear cosa an duine mhairbh a choinneáil suas; bhíodar ag scuabadh na talún. Bhí sé ar a bhealach go reilig Chill Damhnaith leis an bhfear a chur. Chuaigh mo dheirfiúr, go ndéanfaidh Dia trócaire orthu, orthu uile, amach agus thug sí cúnamh dó leis an gcorp. Bhí sí timpeall hocht mbliana níos sine ná mise. Bhí mise timpeall deich nó haondhéag de bhlianta ag an am. D'iompair sé an corp sin chúig mhíle gaelach, agus ba hachrannach an bóthar a bhí le siúl aige. Tháinig sé anall trí Aisléim (baile idir Cill Damhnait agus Dubh Éige) agus anuas anseo ar bhóthar na reilige. Sén t-ainm atá ar an mbóthar a thaistil sé ná Bealach na hAisléime go Dubh Éige. Is le linn an drochshaoil a déanadh an bóthar sin, agus bhí mise i mo ghasúr ag obair air ar phingin sa ló, agus amannta ní bhfaigheadh muid tada, agus amannta eile d'fhaigheadh muid máimín min bhuí.
Chonaic mé fear eile as Dubh Éige le corp (corp a athar) ceangailte de dhréimire, agus an dréimire ar dhroim an fhir ar a bhealach go reilig Chill Damhnait. Tá a lán daoine ó Dhubh Éige curtha ag an droichead ag tí Hughey hIudóige thíos ag an gcladach (tá tí hIúdóige timpeall 80 nó 100 slat ar thaobh Ghob a'Choire de shéipéal Chill Damhnait, ar an taobh deas den bhóthar. Tá an droichead ag an teach agus srutháinín ag rith síos chun na farraige, agus is ag béal na habhann sin atá na huaigheanna). Ní bhíodh de shochraide ann an uair sin ach an dream a bhíodh ag iompair an choirp, agus is ar reilig Chill Damhnait a bhíodh a n-aghaidh; ach ní bhídís ábalta iad a thabhairt níos faide gan chúnamh, agus chuiridís iad ag an droichead a raibh mé ag inseacht duit faoi.

Back to top


An Báthadh i gCéibh Chathair na Mart, 14ú Meitheamh 1894 (1941)

Bhí uaigh mhór i gCill Damhnait, an ceann is mó inti. Feicfidh tú í leis na ráillí iarainn timpeall uirthi. Sin é an áit ar cuireadh na daoine a báthadh i gcéibh Chathair na Mart. Go hAlbain a bhíodar ag dul. Na créatúir, d'fhágadar Acaill i dhá húicéara maidin bhreá timpeall lár mhí Mheitheamh le dhul go Cathair na Mart agus an bád go Glascú a bhordáil ansin. Nuair a bhíodar ag teacht isteach ag tarraingt ar an gcéibh chonaiceadar an bád ar ancaire tamall amach ag fanacht leis an taoille.
Nuair a bhí na húicéaraí in aice an bháid - bhí ceann acu níos gaire ná an ceann eile - chuaigh na paisinéirí anonn ar a taobh chun amharc maith a fháil ar an mbád. Maidin chiúin a bhí inti, ach ar an nóiméad sin bhuail cuaifeach bheag an taobh eile, agus bhuail an seol an crann, agus de bhrí go raibh an meáchan uile ar an taobh, i dteannta fórsa na gaoithe, d'iompaigh an húicéara agus amach lena raibh ar deic. Nuair a bhuail an seol an t-uisce agus a fliuchadh é, ní raibh an húicéara i ndon díriú, agus choinnigh an seol an dream a bhí faoi thíos. Ní raibh aon seans beo acu, ach sábháladh roinnt eile ná raibh faoin seol. Fritheadh na coirp uile mar go raibh neart báid ann agus ná raibh sé an-doimhin. Tugadh na coirp isteach ar chéibh Chathair na Mart agus leagadh amach i scioból iad ar feadh na hoíche. Creidim go sábhálfaí cuid acu dá ngeobhaidís aire cheart, mar nuair a tagadh leis na cónraí lá arna mháireach níorbh é an síneadh céanna a bhí ar na coirp. Caithfidh sé gur chorraíodar i rith na hoíche. Tríocha dó ar fad a báthadh agus tá siad ar fad curtha in uaigh amháin i gCill Damhnait. Chonaic mé na húicéaraí ag dul suas an mhaidin sin, agus bhí mé ar an tsochraide, agus go deimhin ba bhocht an radharc é. Níor cuireadh éinne eile taobh istigh dena ráillí ó shin, cé gur mhaith le gaolta na ndaoine atá curtha ann go gcuirfí, ach ní thabharfadh an sagart cead dóibh, agus an ceart aige freisin. B'as Béal Fairsead ó dheas den sunda an fear dena hÉalaithe a mba leis an húicéara. Tá roinnt dá dhream ansin fós.

Back to top


An Chéad Traein go hAcaill (1941)

Ba shin é an t-am a raibh siad ag déanamh an bhóthair iarainn ó Chathair na Mart go hAcaill, agus dá bhféadfadh na daoine fanacht tamaillín eile d'fhéadfaidís a dhul ar an traein, ach níor fhéad siad fanacht. Ní raibh ach píosa beag le críochnú sar a dtiocfadh an traein go hAcaill. Nuair a bhí na cónraí dá dtabhairt abhaile go hAcaill, críochnaíodh an píosín ar chaoi éigin chun an traein a iompar, agus b'shin í an chéad traein a tháinig go hAcaill agus ualach marbháin ina teannta. Bhí sé sin sa tairngreacht, agus bhí sé sa tairngreacht go mbeadh ualach marbháin leis an traein dheiridh a thiocfadh freisin. Tharla sé sin freisin nuair a dóthadh deichniúr fear as Acaill i mbothán in Albain (i Kirkintilloch, Meán Fómhair 1937). B'shin é an t-am a rabhadar ag baint aníos an ráille ó Acaill go Cathair na Mart, agus nuair a bhí na deich gcOnra ag teacht abhaile, cuireadh traein speisialta ó Bhaile Átha Cliath leo, agus b'shin í an traein dheiridh a tháinig go Gob a'Choire. Anois, nach deacair a dhul thar an tairngreacht. (Ba í an traein speisialta dheiridh a thug na conraí go Gob a'Choire, ach bhí na gnáth-thraentacha ag rith ar feadh seachtaine nó mar sin ina diaidh, s.m).

Back to top


"Scoltracha Anraith" sa gCorrán (1941)

Bhí dhá "scoil anraith" anseo sa gCorrán, ceann acu dhá straidhp siar ón teach a bhfuil an garraí gabhann ann anois. Tá an garraí gabhann ar láthair an tseantí scoile. Ní raibh ann ach teach beag ceanntuí. Ba é sean-Phat Sweeney an múinteoir. Sé Pat Sweeney i nGob a'Choire a mhac. D'iompaigh sean-Phat, an múinteoir, ina Chaitliceach agus phós sé cailín darbh ainm Mary McCann. Ní mórán scoláirí a bhí ag dul chun na scoil aon uair agus ní i bhfad a sheas sí. D'fhág sean-Phat Sweeney agus chuaigh anonn go Cill Damhnait agus bhí sé ag múineadh ansin ar feadh tamaill. Ansin tháinig múinteoir eile darbh ainm Cafferkey as Baile Chruaiche chun na scoile anseo ach níor fhan sé i bhfad. Níor thaitnigh sé leis na daoine agus ar aon nós is beag scoile a dhéanaidis. D'imigh Cafferkey agus chuaigh sé go Maoilín (baile fearann ó thuaidh do Dhubh Éige ar an taobh ó dheas d'Oileán Acla). Bhí Cafferkey ag múineadh ansin i Maoilín ar feadh i bhfad ina dhiaidh sin. Tá cuid dá shliocht ansin i gcónaí agus is "jumpers" iad i gcónaí. Bhí "scoil anraith" eile ar chúl tí Ghallchóir in aice na háite a gcasann bóthar Pholl a' Chnoic agus an bóthar seo go Gob a' Choire ar a chéile. Bhí an tseanscoil sa gcoirnéal san áit a gcasann an dá bhóthar ar a chéile. Tá lorg na seanscoile le feiceáil fós ar thaobh do láimhe deise nuair a chasann tú anonn ó bhóthar Ghob a' Choire. Níor sheas an scoil sin i bhfad chor ar bith. Ní raibh ach múinteoir amháin ariamh inti. Ba fear dena Floinn (s.m.) as Baile Uí Fhiacháin a bhí ina mháistir inti, ach ní raibh sé i bhfad inti nuair a fuair fear darbh ainm Ryan as Baile Uí Fhiacháin léas ar thalamh na scoile, agus ceann dena chéad bhearta a rinne sé nuair a fuair sé an talamh ná an scoil a leagan, agus chaith Flynn, an máistir, imeacht. Bóithrín Ryan a ghlaoitear ar an mbóthar atá ag dul go Poll a' Chnoic ón mbóthar seo (an bóthar go Gob a' Choire ón gCorrán), i ndiaidh an Ryan a raibh an talamh aige agus a leag an scoil.
Ní mórán greama a fuair na "soupers" anseo sa gCorrán. Ba chaitlicigh na tiarnaí talún uile ag an am, agus ní cheadaidís aon scoil ar a gcuid talúna muna mbeadh sí ar chimín nó áit éigin mar sin. Ach thíos san Oileán (Oileán Acla) bhí na "soupers" an-láidir agus bhí scoltracha, séipéil, ministéirí agus léitheoirí bíobla acu. Ba é Nangle an fear ceannais agus bhí coláiste acu i Maoilín, Coláiste na Tríonóide. Ba sa gcoláiste sin a d'oilidís a gcuid ministéirí agus léitheoirí an bhíobla. Cuireadh na buachaillí do b'fhearr agus do b'éirimiúla a bhíodh ag dul ag na scolteacha anraith chuig "Coláiste na Tríonóide" i Maoilín, áit a ndearna siad ministéirí agus léitheoirí bíobla díobh. Ansin chuaigh cuid acu go Sasana agus níor fhilleadar ariamh, agus d'fhan cuid eile sa mbaile in Acaill ag craobhscaoileadh do na "jumpers".
Bhí páipéar ag Nangle, páipéar nuachta, an Achill Herald. Bhíodh sé dá chló sa gColony (baile faoi bhun Shliabh Mór ar an taobh thoir aduaidh. Fuair an baile an t-ainm ó chomhluadar protastúnach a lonnaíodh ansin in aimsir Nangle, timpeall 1836 nó mar sin, s.m.). Chuala mé ná raibh ann ach páipéar beag; ní fhaca mé riamh é, ach chuala mé gur fear darbh ainm Daly a bhíodh dá phriondáil. Bhí inneall acu chun é a phriondáil cosúil le chuile pháipéar. Uair sa mí, sílim, a thagadh sé amach. Ba áit mhór é Coláiste na Tríonóide i Maoilín, agus i dteannta leis an gcoláiste, bhí séipéal mór ann, agus tithe a gcodlaíodh na scoláirí iontu. Bhí feilm mhór ann freisin agus d'oibríodh na scoláirí ar an bhfeilm. Tá na fothraigh le feiceáil fós ann sílim.

Back to top


Baile Na h- Ailte (1941?)

Is cuimhneach liom nuair a bhí suas le trí scór teallach in Ailte, ach chuir Pike amach ar an mbóthar iad, Ba é Pike an tiarna talún, William Pike a b'ainm dó. Theastaigh an talamh le haghaidh féarach uaidh agus chaith sé na daoine amach. Ba bhaile mór é agus sráideanna ann ar nós cathrach. Bhí chuile chúig nó sé, nó níos mó dena tithe greamaithe dá chéile, mar a d'fheicfeá i gcathair. Ní raibh iontu ach tithe beaga.

Back to top


Buaileacht sa gCorrán (1941?)

Timpeall seasca bliain ó shin théadh daoine ón gCorrán suas ar an gCoire (gleann ar chnoc an Chorráin ar an taobh thoir den Chorrán) ag buaileacht. Bhí botháin bheaga acu ansin, agus oíche amháin d'fhág na mná ar fad ach bean amháin an Coire, agus tháinigeadar abhaile leis an mbainne agus leis an im. Théadh na daoine suas leis an eallach i dtús an Mheithimh, suas ar an gCoire. Siad na mná agus na girsigh a théadh suas, ach théadh na fir suas freisin muna raibh aon bhean sa teach. Bhíodh féar breá ar an gCoire i mí Mheithimh agus Iúil, agus bhíodh ordú ar an eallach chúns bhídís thuas, agus bhíodh a shliocht orthu go cheann bliana aríst.

Back to top


Scoltracha Náisiúnta (1941)

Is cuimhin liom nuair a déanadh an tseanscoil (an tseanscoil náisiúnta). Tá ballaí na seanscoile le feiceáil fós ar chúl an tí scoile (Scoil Náisiúnta an Chorráin faoi láthair). Sar ar déanadh aon teach scoile sa gCorrán bhí máistir as Baile Uí Fhiacháin darbh ainm Flynn ag dul timpeall ar chuid de thithe an Chorráin ag múineadh a gcuid páistí. Ba é an Flynn seo a bhí ag múineadh m'uncail, an tAth. Mick. Ní raibh ach cúpla muirín a théadh chuig an scoil chuige; na Gallchóir, na Máille agus na Mac Pháidíní ba mó. Go deimhin, ní raibh aon scoil aige ach ag dul ó theach go teach, nó aon áit a ngeobhadh sé stábla chun na scoláirí a thabhairt isteach ann. Níorbh é seo an Flynn a raibh mé ag inseacht dhuit faoi cheana a bhí sa scoil anraith, ach duine eile den ainm céanna. Ní raibh mórán eolais agam ar na scoltracha nó na máistrí ar an taobh seo den chuisle, mar ba ar an taobh eile (an taobh thiar den chuisle) i gCill Damhnait a chuaigh mé ar scoil. Donnellan an t-ainm a bhí ar ár múinteoir ach níl fhios agam cérbh as dó. Nuair a d'fhág sé Cill Damhnait chuaigh sé go Baile Chruaiche. Bhíodh sclátaí slinne, againn agus sean-sliogáin chríonta ón gcladach mar phinnluaidhe amannta. Ní raibh scláta ag chuile dhuine. Bhíodh scláta mór crochta ar an mballa ag an máistir.
Ba é Pike, an tiarna talún a bhí ina bhainisteoir ar an scoil, agus bhíodh sé ag cur máistrí isteach agus amach de réir mar ba mhian leis. Ní cuimhin liom ainm éinne acu ach Donnellan mar is gearr a d'fhágtaí ann iad; is mná is mó a thagadh. D'fhaigheadh cuid acu aon scilling déag sa tseachtain, cuid eile níos mó agus cuid eile níos lú, sílim. Níl fhios agam cé bhíodh dá n-íoc. Is san áit a bhfuil an scoil anois a bhí an scoil a ndeacha mise aici i gCill Damhnait (S.N. an Doirín). Níor fhoghlaim muid aon Ghaeilge riamh sa scoil, ach bhíodh an máistir ag labhairt Gaeilge, agus níor stop sé éinne óna labhairt. Gaeilge a labhraíodh muid i gcónaí thairis sin. Níor chuala mé riamh faoin mbata scóir ná tada mar sin. Bhíodh muid ag foghlaim léamh, scríobh agus uimhríocht sa scoil.

Back to top


Muintir Mhícheáil Uí Ghallchóir (1941)

Michael Gallagher a b'ainm do mo shin-seanathair, agus mhair sé sa gCorráin, in Aird (baile beag sa gCorrán). Bhí mac aige darbh ainm Michael, agus b'shin é mo sheanathair. Bhí triúr mac agus iníon amháin sa mbaile ag mo sheanathair, Maitiú, Michael agus Tommy ar na mic, agus Alice a bhí ar an iníon. Phós sí fear dena Giobúin ó taobh amuigh de Bhaile Uí Fhiacháin. Leneghan do b'ainm do mo mháthair, duine de Leneghan Bhaile Chruaiche, agus Tommy a bhí ar m'athair. Bhí áit ag mo sheanathair i mBaile Uí Fhiacháin, agus ba é an chéad teach ceannslinne a tógadh ar an mbaile é. Bhí sé ar an bpríomhshráid ar thaobh na láimhe deise ag dul isteach as seo. Bhí siopa aige, i dteannta na dtriúr uncail agus an t-aon aint a bhí agam sa mbaile. Bhí beirt uncail agam a chuaigh go Meiriceá; ní fhaca mé riamh iad. Bhí beirt aint agam i Meiriceá freisin ach tháinig siadsan abhaile agus phósadar. Phós an bheirt acu beirt de mhuintir Henry as Iorrus; phós Alice Pat Henry agus phós Sarah Dominic Henry; colceathracha a bhí sa mbeirt fhear. Fuair Maitiú, m'uncail ba shine, áit mo sheanathar i mBaile Uí Fhiacháin; ba smuglálaí é agus théadh sé go Flush chun tabac agus nithe eile a fháil, agus dhíoladh sé amuigh anseo agus i mBaile Uí Fhiacháin iad. Báthadh é ag teacht abhaile as Flush. Ba colceathrar do mo mháthair Páidín Bán 'ac Cormaic.

Back to top


Smugláil (1941)

Ba smuglálaí é m'uncail Maitiú, agus thugadh sé tabac, fíon agus earraí eile ó Flush. Bhíodh sé leis an gCaiptín Ó Máille amannta, agus amannta eile le Páidín Bán 'ac Cormaic. B'íontach an smuglálaí é Páidín, agus bhí bád dá chuid féin aige, agus bhíodh fear darbh ainm Leneghan as Baile Chruaiche, colceathrar mo mháthar, agus fear dena McNeela, in éineacht leis. Sílim go mba as Tóin re Gaoith (baile fearann idir Maolraithnigh agus Gob a' Choire) nó as an gClagán i mBaile Chruaiche é. Ba as Cnoc Maoilín i mBaile Chruaiche é Páidín féin, agus bhí gaol aige le mo mháthair. D'fholmhaidís an bád ag Tóin na nDúmacha (áit sa gCorrán) amannta, agus thugaidís an t-ábhar ar dhroim capaill as sin go Baile Uí Fhiacháin agus amach faoin tír. Bhíodh seanfhir ag tabhairt céad meáchain de thabac ar a ndroim ó Thóin na nDúmacha go Baile Uí Fhiacháin san oíche; chonaic mé féin na fir agus bhí mé ag caint leo. (Tá sé timpeall 14 míle ó Thóin na nDúmacha go Baile Uí Fhiacháin, s.m). Báthadh Páidín Bán é féin. Ba fhear breá láidir ard é Páidín agus chaitheadh sé brógaí de leathar na Spáinne suas go glúine. Cumadh amhrán faoi Pháidín; chuala mé go minic i mBaile Chruaiche é.

Back to top


MacNeela agus an Caiptín Ó Máille (1941)

Ba as Acaill Íochtair a dúirt cuid dena daoine é MacNeela, ach dúirt tuilleadh go mba as an gClagán (áit ó dheas de Bhaile Chruaiche) é. Bhíodh sé i dteannta Pháidín Bán ('ac Cormaic) amannta, ach ba i dteannta an Chaiptín Ó Máille ba mhó a bhíodh sé. Ba sárfhear farraige a bhí ann, agus deireadh daoine go mb'fhearr de fhear farraige é ná an Caiptín. Bheadh an bád báite orthu uair amháin murach MacNeela. Bhí siad ag teacht ó Flush le lucht; bhí cóir ghaoithe acu ar feadh an bhealaigh, agus bhíodar sé huaire chun cinn, nó níos túisce ná mar a cheapadar. Bhí MacNeela ar deic agus d'fhógair sé go raibh an Sliabh Mór in amharc, agus ghlaoigh sé aníos ar an gCaiptín lena fheiceáil ach ní fhaca seisean é. D'ordaigh sé MacNeela síos leis an suipéar a réiteach, agus nuair a tháinig sé aníos aríst bhí an Sliabh Mór le feiceáil go héasca, agus murach MacNeela a bheith ar faire an tráth sin bheadh an bád ina cipíní ar charraigreacha fiáine Cheann Acla.

Back to top


An Caiptín Ó Máille (1941)

Is cuimhin liom an Caiptín Ó Máille go deimhin, agus is cuimhin liom an lá chomh maith agus dá b'é inniu é. Bhí mé ceathair déag nó cúig déag de bhlianta ag an am. Bhí sé ar mhaidí cros nuair a chonaic mé é, ach ba bhreá ard an fear é. Chonaic mé ag teacht aníos bóthar Chill Damhnait (baile ar an taobh thoir d'Oileán Acla) ó Acaill Íochtair é, agus bhí sé ar a bhealach go hOileán Cléire. Stop sé le haghaidh na hoíche i dteach ósta a bhí an tráth sin i gCill Damhnait, thiar ag an séipéal. Chuaigh muid uile ar cuairt aige mar bhí an oiread sin cloiste againn faoi. Bhí sé ag inseacht scéalta faoina shaol, ach ní cuimhin liom aon cheann dena scéalta anois. Bhí an teach lán go doras mar bhí an baile uile tagtha chun é a fheiceáil. Tá teach nua anois ag an séipéal (ar an taobh ó thuaidh), agus bhí an teach ósta san áit a bhfuil stábla an tí sin anois, idir an teach nua agus an séipéal. Bhí sé gaolmhar le Máilligh Oileán Cléire agus Acaill Íochtair. Níor chuala mé riamh go raibh sé pósta ná muirín air; b'fhéidir go raibh sé pósta. Bhíodh sé ag díluchtú sa gCorrán. Bhí féasóg air ach go deimhin dhealraigh sé go mba bhreá an fear ina óige é. Báthadh an lucht deiridh a tharraing sé ag Poll na Ráite in aice Bhaile Uí Fhiacháin. Bháigh siad féin í (an bád) nuair a chonaiceadar na fir chustaim ag teacht agus gan aon éalú i ndán dóibh. Ba é ainm an bháid ná an Slúipín Vaughan, agus cumadh amhrán di. Bhí fhios agam é uair amháin ach tá faitíos orm nach mbeidh mé i ndon é a rá anois.

Back to top


Faisiúin Acla

Níl aon aimhreas ach go bhfuil go leor dena mná óga atá le feiceáil ar fud Acla slachtmhar dathúil - thabharfá álainn in aon tír ar dhuine nó beirt a chonaic muid. Tá a gcuid súile dubh-ghorm, a ngruaig dubh-rua, a gcraiceann, a gceann aghaidhe, a bhfigiúr agus a n-iompar gan locht. Agus tá tréith thaitneamhach eile le cur san áireamh: tá glórtha fhir, mhná agus pháistí Acla íseal, mín, ceolmhar; rud is iontaí nuair a chuimhníonn tú ar an saol amuigh faoin aer a chaitheann siad, agus ar aimsir ghaofar gharbh an Oileáin. Ach ní i bhfad a thógann sé ar an gcrua-obair, ar an ngaoith agus ar an ngrian an bláth a bhaint den dathúlacht, ach mar sin féin fanann an t-iompar ríoga agus an glór séimh.
Sé feisteas mhná Acla ná cabhail, sciorta agus seál, d'uireasa bróga ná hata. Tá dathanna a gcuid éadaigh go hálainn. Dearg de chuile scáth, ó dhearg Oifig an Phoist go dtí an bándearg éadrom nite; corcra de chuile scáth, ón gceann ríoga dorcha go dtí an ceann saillte. Tá liathchorcra dearg agus ruachorcra sa bhfaisean freisin, mar atá gorm scéiniúil. Is lámhdhéanta d'olann chaoirigh an tsléibhe agus d'olann nádúrtha dhaite atá a gcuid pluideacha. Is iondúil gur lámhdhéanta atá a gcuid sciortaí olna, iad daite i ndathanna éagsúla atá sa bhfaisean, dathanna a cheannaítear i gCathair na Mart. Faightear buí agus donn, agus an dath mustard is mó a chaitheann na fir, as scrathchloch a fhásann ar na leacracha i gCuan Chim, agus a fhiuchtar. Caitheann na mná uaisle an clóca mór Gaelach dubh-ghorm ag dul chuig aifreann an Domhnaigh agus lá saoire.

Back to top


Caitheamh aimsire san oíche

Cniotáil agus sníomh a chaitheadh an oíche. Cheannaití an olann i scáinní móra, díol dhá gheansaí. Choinníodh na fir na scáinní go ndéantaí ceirtlín díobh. Leacracha a bhí in urláir na dtithe; chuireadh na mná cheithre phionna síos i gcearnóg le haghaidh an dlú agus an inneach. Brístí flainnín a chaitheadh na fir; ní raibh acu ach aon phéire amháin agus nuair a bhíodh an péire sin caite d'fhaighidís péire eile. Thagadh daoine ó chuile pháirt d'Acaill agus ó áiteacha eile chun an bréidín a ramhrú. Bhí cloch mhillte ann freisin; ba chun an coirce a mhillt a bhí sí. San oíche a déantaí é seo agus thugtaí do na daoine é in aimsir an drochshaoil. Sén fáth go ndéantaí san oíche é ná nach raibh cead ag Caitlicigh beatha a fháil. Dá ngeobhfadh na Sasanaigh amach é chaithfí amach as a gcuid tithe iad. Sin é an fáth go bhfuil an talamh mar atá sé anois; píosa anseo agus píosa ansiúd. Caitheadh roinnt teallaigh amach agus díbríodh go Béal a' Mhuirthid iad, agus thug sean-Phat Sweeney ar ais aríst iad. D'fhanaidís i dteach comharsa go bhfaighidís a n-áit féin. D'itheadh na daoine féar dá mbeadh fanacht fada orthu leis an mbád a thagadh le bia. Pat McNeela ón Doirín a bhí ina mháistir ar an mbád; ba foghlaí mara é. Cailleadh roinnt daoine ar an gcladach i mBéal Fearsad agus cuireadh ansin iad. Tá na leachtaí ansin ag marcáil na n-uaigheanna. Rinne na deartháireacha Heffernan cónraí le haghaidh cuid dena daoine a bhásaigh de bharr an ghorta. Cuirtear comhairle ar dhaoine gan a dhul chuig an gcladach san oíche.

Back to top


Turas na Cruiche.

Sin aithrí a chuirtí ar fhear dá ngeobhadh sé cailín isteach i dtrioblóid (torthach). Chaithfeadh sé a dhul timpeall an tséipéil ar bharr Chruach Phádraig ag lámhacán méid áithrid uaireanta, agus an paidrín a rá méid áithrid uaireanta. Sén chaoi ar cuireadh deireadh leis an aithrí sin ná go ndeacha fear chuig faoistin, agus dúirt sé leis an sagart go raibh cailín i dtrioblóid aige, agus dá gcuirfeadh sé aithrí na cruaiche air go dtiocfadh sé anuas agus go ndéanfadh sé chuile chailín san áit torthach. Chuir sé sin deireadh leis an aithrí sin. San am sin, ní raibh cead ag daoine bheith ag obair do Phrotastúnaigh. Chuirfeadh an sagart mallacht ón altóir orthu. Chuaigh fear amháin ag obair ar an séipéal Protastúnach. In aimsir na stáisiúin d'iarrtaí ar dhaoine leathchoróin (dhá scilling agus sé pingine) a íoc leis an sagart. Chuaigh an fear suas leis an tuarastal a íoc; leag sé an t-airgead ar an mbord agus d'inis sé don tsagart cá bhfuair sé é. Bhreathnaigh an sagart air, ach thóg sé airgead an mhinistéara pé scéal é.

Back to top


'Tattie Hokers’

Ar shroichint Coarse Clay Farm dúinn tugadh mála mór dúbailte do ch'aon dhuine againn. Ba sheo é ár dtolg a bheadh le pacáil le tuí. Tugadh trí phluid dúinn freisin. Thóg muid amach na bráillíní agus na pilliúir a phacáil ár máithreacha go cúramach dúinn as na truncanna. Bhí eolas maith faighte acu i dtaobh na nithe a bheadh uainn ó tattie hokers eile. Dá bhí sin, bhí potaí agus gréithe agus éadaigh boird (oléadach a bhí sa bhfaisean ag an am) ar iompar againn. Is gearr go raibh na héadaigh crochta agus áit codlata réitithe againn. Bhí sé cosúil le seomra ospidéil agus an bothán chun ithe ar nós ceaintín. Bhí muid bródúil as ár n-áit mhaireachtála. Bhí só amháin againn - an leictreachas. An chéad tráthnóna tháinig garda na háite agus bhailigh sé ár gceadanna. Thug sé ar ais iad tráthnóna lá arna mháireach, agus bhí cead againn fanacht ag obair ar an talamh ar fead trí mhí. Tugadh cartaí aitheantais buí dhúinn freisin. Bhí na ceadanna ag teastáil freisin le haghaidh cartaí allúntais bia a fháil. Is cartaí allúntais, agus ní leabhra, a d'fhaigheadh daoine nach raibh aon seoladh buan acu. Bhí cead againn fanacht ar feadh ráithe ach dá mbrisfeadh éinne an dlí dhíbrófaí as an tír láithreach bonn é. B'éasca don Éireannach dlí na hAlban a bhriseadh agus díbríodh go leor fir Éireannacha. Ag deireadh na trí mhí chaitheadh muid a dhul chuig na gardaí chun fad a bhaint as an gcead.

An chéad mhaidin bhí muid ar fad chomh tuirseach agus go gcodlódh muid go headartha ar na toilg thuí. Ach ina áit sin, chuala muid an glaoch. Bhí sé ina mhaidneachan lae agus an maor ag tabhairt an 'ghlaoch'. Bean mheánaosta a bhíodh ag freastal sa mbothán, agus a d'fhaigheadh chúig scilleacha breise as an nglaoch a b'ea an maor. Amuigh sna garranta bhain muid na fataí le tochaltóirí. "Hoking" a thugtaí ar an mbaint le lámh seo. D'oibrigh muid ina mbeirteanna, duine ag baint agus duine ag piocadh. Chaitheadh an scorach nó an ghirseach a bhíodh ag piocadh na bhfataí brat, b'shin mála garbh oscailte, agus é casta timpeall na colainne ar nós naprún. Ar laethanta taise ghreamaíodh an chréafóig den bhrat agus bhíodh sé trom, tais, míchompóirteach. Bhíodh deich nóiméad scíth againn san rud a dtugtaí ceathrú air, agus uair le haghaidh dinnéir. Bhí cead againn ár n-uair dinnéir a bheith againn tréis cheithre huaire oibre, agus tharlodh sé go mb'shin é an seacht a' chlog ar maidin mar gur minic a thosnaigh muid roimh a trí ar maidin. D'oibrigh muid hocht n-uaire chuile lá, agus chriochnaigh muid go hiondúil go luath sa tráthnóna. Tréis greim le n-ithe sa mbothán, chuaigh muid uile a chodladh go dtí deireannach tráthnóna, agus ansin d'éirigh muid agus bhí an béile ceart againn. Bhí an chuid eile den tráthnóna saor againn.

Mheascadh muid le foirne eile a bhíodh ag obair ar na feilmeacha sa gcomharsanacht. Théadh muid ar cuairt acu nó thagaidís ar cuairt chugainn. Bhí go leor foirne as Dún na nGall ann. Bhíodar cairdiúil, ina ndea-chomhluadar agus iontach ag an nGaeilge. I measc na bhfoirne uile bhí go leor ceoltoirí, agus sén chéad rud a dhéanadh muid ná airgead a bhailiú chun bosca ceoil nó violin a cheannacht. Chuireadh muid raifil ar phaca cartaí nó ar mhála milseáin. Is iomaí oíche thaitneamhach a bhí againn. Bhíodh tráthnóna Dé Sathairn saor againn freisin, tráth a dtéadh muid chuig an mbaile mór le haghaidh siopadóireachta agus airgead a chur abhaile. Is tré T.M.O (Telegraphic Money Order) a chuireadh muid an t-airgead abhaile. De bharr gur deireannach Dé Sathairn a chuireadh na foirne uile in Albain agus na spailpíní i Lancashire a gcuid airgid abhaile, bhíodh cead ag na hoifigí poist in Acaill oscailt maidin Domhnaigh chun a gcuid T.M.Os a thógáil. Nuair a bhíodh an t-airgead seolta chun bealaigh deireadh muid go raibh an t-airgead uile imithe thar an teach solais. Ba mhaith an fear a bhí sa saoiste s'againne, agus dhéanadh sé cinnte go gcuirfeadh na hógánaigh a gcuid airgid thar an teach solais i gcónaí. Níor mhaith leis go bhfoghlamóidís aon drochbhéasa chúns bhíodar faoina chúram. Rinne muid mór le go leor daoine, daoine óga na háite ina measc, mar théadh muid chuig na hallaí agus thógadh muid páirt sna damhsaí Albanacha. Rinne muid cairdeas freisin le go leor dena príosúnaigh cogaidh a bhí curtha amach ar na feilmeacha ag obair. Bhí na príosúnaigh Gearmáanach uile an-óg, agus níor bh'fhéidir a ndóthain le n-ithe ná a ndóthain tabac a thabhairt dóibh. Is minic a thug muid ár n-allúntas aráin féin dóibh. Thug an obair ar an bhfeilm deis dóibh málaí garbha fataí a ghoid, málaí a ndéanaidís slipéirí astu agus a dhíolaidís. Ghoideadar seanchóta uaimse uair amháin agus lá arna mháireach bhíodar dá dhíol ar ais liom ina phéire breá slipéirí!

Back to top