An tAthair MĂ­cheĂĄl Ó GallchĂșir (An tAth. Mick) (1941)

Mar a dĂșirt mĂ© cheana, ba Ă© an tAthair Mick Gallagher m’uncail, agus nĂ­ raibh mĂ© ach trĂ­ seachtainĂ­ d’aois nuair a thĂĄinig sĂ© go hAcaill mar shagart parĂłiste. ThĂĄinig sĂ© in 1847 trĂ©is tamall a bheith caite aige in Turoc (timpeall 4 mhĂ­le Ăł ChaisleĂĄn a’Bharraigh ar an mbĂłthar go Baile Mhearaigh) agus tamall eile in OileĂĄn Éadaigh (atĂĄ idir CaisleĂĄn an Bharraigh agus Cathair na Mart). Is as OileĂĄn Éadaigh a thĂĄinig sĂ© go hAcaill, agus chuir sĂ© faoi i dteach beag sa gCaiseal (baile i lĂĄr OileĂĄn Acla). Cuireadh caoi ar an teach agus bhĂ­ sĂ© ina theach breĂĄ compĂłirteach ceanntuĂ­ ansin. Nuair a fuair na “jumpers” talamh an Chaisil b’Ă©igean don tsagart imeacht, agus thĂĄinig sĂ© go BrĂ©an Ascaill (baile beag timpeall 3 mhĂ­le Ăł dheas de Ghob a’Choire ar an taobh thiar den sunda).
Ba i ndĂșiche Pike, tiarna talĂșn agus seanathair an Uas. Pike atĂĄ ina chĂłnaĂ­ timpeall leathmhĂ­le siar Ăł Ghob a’Choire anois, a bhĂ­ BrĂ©an Ascaill. BhĂ­ cairdeas mĂłr idir Pike agus an sagart thrĂ©is go mba ProtastĂșnach Ă© Pike. Chaith sĂ© fear amach as a theach i mBrĂ©an Ascaill agus thug sĂ© an teach don Ath. Mick, ach thĂłg sĂ© teach don fhear a chuir sĂ© amach. Go deimhin, bhĂ­ Pike an-fhlaithiĂșil le m’uncail (An tAth. Mick). Thug sĂ© ocht n-acra talĂșn dhĂł ag sĂ©ipĂ©al Chill Damhnait, agus chuir sĂ© fĂĄl air. TĂĄ sĂ© le feiceĂĄil inniu, tĂĄ sĂ© ar an taobh Ăł dheas den tsĂ©ipĂ©al, agus tĂĄ sĂ© roinnte in ocht straidhp anois. MĂĄ chomhaireann tĂș ocht straidhp sĂ­os Ăłn sĂ©ipĂ©al tiocfaidh tĂș chuig dĂ­og aitinn. Ba talamh iad na hocht straidhp sin a thug Pike do m’uncail. Ba sĂĄr-mharcaĂ­och Ă© an tAth. Mick agus bhĂ­odh capall maith aige i gcĂłnaĂ­, BhĂ­ capall glas aige uair amhĂĄin agus ba bhreĂĄ an beitheach Ă©. TĂĄ pictiĂșr den tsagart ag marcaĂ­ocht an chapaill ghlais thĂ­os tĂ­ Phike fĂłs (teach Pike, leathmhĂ­le taobh thiar de Ghob a’Choire). TĂĄ an teach ina raibh m’uncail ina chĂłnaĂ­ ann le feiceĂĄil fĂłs thĂ­os ag an gcladach i mBrĂ©an Ascaill. Is teach ceannslinne dhĂĄ stĂłr atĂĄ anois ann, ach nuair a bhĂ­ m’uncail ina chĂłnaĂ­ ann nĂ­ raibh ann ach teach ceanntuĂ­. ScanlĂĄn atĂĄ ina chĂłnaĂ­ anois ann.

Miceál a Mála”(Michael Gallagher) (1941)

Ba Ă© an Michael Gallagher seo athair m’athar, agus ba Ă© an tAthair Michael Gallagher a mhac agus dearthĂĄir m’athar. Tommy Gallagher a bhĂ­ ar m’athair. BhĂ­ mo sheanathair an-mhaith as. BhĂ­ hĂșicĂ©ara aige agus bhĂ­odh sĂ© ag iascach an mhĂ­ol mhĂłir. ThĂ©adh sĂ© go TĂ­r Chonaill ag ceannacht stocaĂ­ agus dĂĄ ndĂ­ol, ach nĂ­ raibh tada le spĂĄrĂĄil aige i dtosach. LĂĄ amhĂĄin agus Ă© ina fhear Ăłg ar an gCorrĂĄn anseo, thĂĄinig strainsĂ©ara isteach agus dĂșirt sĂ© gur theastaigh cĂșpla pĂ©ire stocaĂ­ uaidh ach nĂĄ raibh aon airgead aige. DĂșirt mo sheanathair leis “NĂ­ aithnĂ­m tĂș, bhfuil bannaĂ­ ar bith agat?” “Mac DĂ©” arsa an strainsĂ©ara, agus uaidh sin amach bhĂ­ an t-airgead dĂĄ charnadh isteach ag m’athair, agus nĂ­ fhaca sĂ© lĂĄ bocht ina dhiaidh sin gur cailleadh Ă©. Nuair a bhĂ­ a mhac, an tAthair Michael i gColĂĄiste Mhaigh Nuat, bhĂ­odh lĂĄ sa mbliain a dtĂ©adh na haithreacha ar cuairt chuig a mic sa gcolĂĄiste. BhĂ­odh fĂ©asta mĂłr acu agus is amhlaidh a bhailĂ­odh na haithreacha luach an dinnĂ©ir eatarthu fĂ©in. Uair dĂĄ raibh mo sheanathair ag an dinnĂ©ar agus a tosnaĂ­odh ar an airgead a bhailiĂș, sheas mo sheanathair suas agus dĂșirt sĂ© “NĂĄ bacaigĂ­ leis, glanfaidh mise an scĂłr inniu”.

ScolĂĄireacht an GhallchĂłirigh (1941)

Fear de ChallchĂłirigh ThĂ­r an Áir (baile fearann idir Maolraithnigh agus Baile UĂ­ FhiachĂĄin a bhĂ­ ina shagart parĂłiste i MeiriceĂĄ, agus bhĂ­ go leor dĂĄ ghaolta as Baile Chruaiche agus Acaill ina gcĂłnaĂ­ san ĂĄit chĂ©anna, agus bhailĂ­odar go leor airgid dĂł. Ba de mhuintir Campbell a mhĂĄthair. BhĂ­ an t-airgead le caitheamh chun oideachas a chur ar GhallchĂłirigh Acla, Bhaile Chruaiche agus ThĂ­r an Áir chun a bheith ina sagairt, agus aon airgead a bheadh fĂĄgtha le dhul go TĂ­r Chonaill chuig sliocht na nGallchĂłirigh ansin. Fuair go leor dena GallchĂłirigh – ach nĂ­ mba GallchĂłirigh uilig iad; ba dena GallchĂłirigh cuid dena mĂĄithreacha – an scolĂĄireacht ach deamhan duine acu a chuaigh ina shagart. Ba mac garda as Baile UĂ­ FhiachĂĄin an chĂ©ad duine ar dĂ©anadh sagart de as an scolĂĄireacht, ach nĂ­ mba GallchĂłireach eisean.

ThĂĄinig an sagart a d’fhĂĄg an t-airgead ar cuairt ar ThĂ­r an Áir, agus chuaigh sĂ© go hAcaill thrĂ­n gCorrĂĄn agus ar ais arĂ­s go TĂ­r an Áir de shiĂșl a chos. BhĂ­ sĂ© chomh gortach agus nach gcaithfeadh sĂ© pingin rua, agus nĂ­ haon ionadh go raibh airgead aige. DĂ©anadh sagart den Ath. Gallagher seo am Ă©igin trĂ©is m’uncail (an tAth. Michael Gallagher) agus is trĂ© mholadh an Ath. Michael a fuair sĂ© an ĂĄit i MeiriceĂĄ. ChĂșns bhĂ­ sĂ© sa mbaile ar saoire nĂ­or thug sĂ© pingin rua dĂĄ chairde nĂĄ nĂ­or fhĂĄg sĂ© tada acu ina Ășchta. Fuair roinnt mhaith de GhallchĂłirigh Acla an scolĂĄireacht, ach tharla rud Ă©igin do chuile dhuine riamh acu roimh a n-oirdniĂș, agus nĂ­ raibh Ă©inne acu ina sagart dĂĄ bharr. Caithfidh sĂ© go bhfuil mallacht nĂł mĂ­-ĂĄdh Ă©igin air.

TĂłgĂĄil na mhainistreach i mBun a’ Chorraigh (1941)

Is cuimhin liom nuair a thĂĄinig na manaigh go Bun a’ Chorraigh (baile beag i lĂĄr Acla), agus is beag nĂĄ raibh sĂ© ina throid nuair a bhĂ­odar ag bailiĂș na gcloch don mhainistir. Ba ar thalamh GhallchĂłir (ĂșinĂ©irĂ­ an tĂ­ Ăłsta atĂĄ ar cĂ­os ag Michael Lyons anois), os cionn an bhĂłthair ag an droichidĂ­n, a bhĂ­ na clocha bailithe lena dtabhairt sĂ­os go Bun a’ Chorraigh, an ĂĄit a rabhadar chun an mhainistir a thĂłgĂĄil. ThĂĄinig muintir an Chaisil agus Bhun a’Chorraigh leis an manaigh a stopadh na clocha a thabhairt anuas. Nuair a chuala muintir an ChorrĂĄin an scĂ©ala thĂĄinigeadar anuas faoina gcuid caiple agus asail agus cairteanna, chun na clocha a thabhairt sĂ­os do na manaigh.
Ba bhean Ăł thaobh an Chloch MhĂłir, Grace Gallagher, a rug ar an gcĂ©ad chloch, agus ansin lean fear darbh ainm PatĂ­n Ă­ agus fear dena NuallĂĄin. Ba de mhuintir an Ath. Gallagher Ă­ Grace Gallagher (fĂ©ach sliocht ar an Ath. Gallagher). Nuair a chonaic muintir an Chaisil agus Bhun a’ Chorraigh go raibh muintir an ChorrĂĄin dhĂĄirĂ­re, chuadar abhaile agus tĂłgadh an mhainistir.
Bliain nĂł dhĂł thrĂ©is do m’uncail (An tAth. Michael Gallagher) a theacht go hAcaill a tĂłgadh an mhainistir. Is san mbliain 1847 a thĂĄinig an tAth. Gallagher go hAcaill. BhĂ­ furmhĂłr mhuintir Bhun a’ Chorraigh agus an Chaisil ina “soupers” ag an am, agus sin Ă© an chĂșis nĂĄ raibh aon fhĂĄilte acu roimh an mainistir i mBun a’ Chorraigh. Ach ba Chaitlicigh dĂ­lse iad furmhĂłr mhuintir an ChorrĂĄin, agus thĂĄinigeadar chun cabhrĂș leis na manaigh. Thug an tEaspag ordĂș go mbeadh cĂ©ad mĂ­le fĂĄilte, fuĂ­ollach le n-ithe agus leaba na hoĂ­che ag fear an ChorrĂĄin an t-achar agus a bheadh an mhainistir ann. NĂ­l fhios agam an bhfuil sin amhlaidh i gcĂłnaĂ­ mar tĂĄ an saol athraithe, agus nĂ­ bhĂ­onn daoine ag taisteal fada de shiĂșl a gcos mar a bhĂ­odh fadĂł.

Muilinn Bhéal Fearsad (1941)

BhĂ­ ch’aon cheann acu in aice an tsĂ©ipĂ©il ar an taobh Ăł dheas, san ĂĄit a bhfuil na haibhneacha ag dĂ©anamh a mbealach go cladach. Ba le teallach dena Heverins as Iorrus (as Dubh Loch b’fhĂ©idir, s.m) iad. TĂĄ cuid dĂĄ sinsear i gcĂłnaĂ­ i mBĂ©al Fearsad fĂłs, agus bhĂ­ duine dena fir pĂłsta ag inĂ­on PhatchacĂł. Ba le haghaidh meilt choirce ceann dena muilinn agus nĂ­ raibh sa gceann eile ach ceann beag le haghaidh ramhrĂș flainnĂ­n. Ba Ă© ceann an choirce ba ghaire don tsĂ©ipĂ©al. TĂĄ sĂ© os cionn leathchĂ©ad bliain Ăł stop an ceann mĂłr ach bhĂ­ an ceann beag ag obair suas go dtĂ­ timpeall scĂłr bliain Ăł shin.

PatchacĂł (1941)

BhĂ­ inĂ­on PhatchacĂł pĂłsta ag duine dena Heverins go mba leo an muileann, (bhĂ­ an muileann i mBĂ©al Fearsad in aice na hĂĄite a bhfuil Teach an Phobail faoi lĂĄthair, agus tĂĄ BĂ©al Fearsad gar do Ghob a’ Choire). Pat McNeela a bhĂ­ ar PhatchacĂł, agus b’as TĂłin re Gaoith nĂł an ClagĂĄn (i mBaile Chruaiche Íochtair) Ă©. BhĂ­odh sĂ© leis an gCaiptĂ­n Ó MĂĄille; bhĂ­ sĂ© ina fhear farraige nĂ­ b’fhearr nĂĄ an CaiptĂ­n, ach nĂ­ raibh stiĂșradh an ChaiptĂ­n aige, agus is annamh a thĂ©adh an CaiptĂ­n chun farraige dĂĄ oireasa.

An tAthair Mícheál Ó Gallchóir

Sa mbliain 1847, bliain an ghorta, cuireadh an tAth. Mick i gceannas parĂłiste Acla. BhĂ­ misiĂșn Nangle i mbarr a rĂ©ime. BhĂ­ cĂĄil oibre Mhick ar son a phobail sroichte go hAcaill, agus thosaigh Nangle agus a lucht leanĂșna dĂĄ chrĂĄ agus dĂĄ chiapadh ar chuile bhealach. Chuir an tAth. Mick faoi sa gCaiseal mar go m’shin Ă© an ĂĄit b’fheiliĂșnaĂ­ dĂł chun freastal ar an bpobal, agus rinne Nangle chuile iarracht Ă© a dhĂ­birt ach chinn air. NĂ­ raibh aige le dĂ©anamh ach an ĂĄit a cheannacht Ăł O’Donnelly Bhaile UĂ­ FhiachĂĄin, agus ansin d’Ă©irigh leis an sagart a chur as seilbh. B’Ă©igean dĂł imeacht as an gCaiseal agus chuir sĂ© faoi i dTeach an MhĂĄma. Ach fiĂș amhĂĄin ansin fĂ©in lean na ciapadĂłirĂ­ Ă©, agus briseadh anuas an staighre agus an sagart inairde an tĂ­. Ghoill na bealaĂ­ cama Nangle fiĂș amhĂĄin ar dhaoine ĂĄithrid i gChumann ProtastĂșnach Acla, agus thug William Pike as Doire an RĂ­ pĂ­osa beag talĂșna don tsagart i mBrĂ©an Ascaill chun tĂłgĂĄil air.
DĂĄla OileĂĄn Éadaigh, nĂ­or spĂĄrĂĄil an tAth. Mick Ă© fĂ©in, d’oibrigh sĂ© luath agus mall ar son a phobail. Go deimhin fĂ©in, dĂ©anadh clĂĄirĂ­neach de trĂĄth a raibh sĂ© ag freastal ar dhuine dĂĄ phobal. Chaith an capall Ă© agus Ă© ar a bhealach chun an Ola Dheireannach a chur ar fhear a bhĂ­ ag fĂĄil bhĂĄis i mBaile an Ghleanna sa gCorrĂĄn, agus briseadh a ghlĂșin. Ón lĂĄ sin amach, b’Ă©igean dĂł dhĂĄ mhaide a bheith aige. Ar ĂłcĂĄid eile, glaodh go Dubh Éige air ag a haon a’ chlog ar maidin chun freastal ar fhear bhĂ­ ag fĂĄil bhĂĄis, agus de bhrĂ­ nach raibh aon bhĂłthar go Dubh Éige ag an am d’iarr sĂ© ar shean-MhaitiĂș Heaney Ă© a thionlacan. Ach nuair a bhĂ­odar imithe chun bealaigh, thĂĄinig dream eile ar a lorg chun freastal ar dhuine tinn i Maigh Mhuilinn sa gCorrĂĄn, agus sar ar chasadar-san abhaile dĂșradar le cailĂ­n an tsagairt go lasfaĂ­ tine i Maigh Mhuilinn dĂĄ mbeadh gĂ©ar-ghĂĄ leis an sagart an oĂ­che sin.
Nuair a d’fhill an sagart agus MaitiĂș as Dubh Éige bhĂ­ an tine le feiceĂĄil i Maigh Mhuilinn, agus nuair a hinsĂ­odh a brĂ­ don tsagart nĂ­ dhearna sĂ© ach an capall a shrathrĂș agus imeacht ar cosa in airde go Gob na Fearta trasna Ăł Mhaigh Mhuilinn. Thug sĂ© aghaidh an chapaill sa taoille, agus shnĂĄmh sĂ© Ă© trasna an leathmhĂ­le farraige gur thĂĄinig sĂ© i dtĂ­r ar Ghob na nAistrĂ­. BhĂ­ sĂ© dĂ­reach in am leis an Ola Dheireannach a chur ar an bhfear a bhĂ­ ag sĂ©aladh. Is mĂłr an seans dĂĄ dtĂ©adh sĂ© bĂłthar BhĂ©al Fearsad a bhĂ­ nĂ­os sĂĄbhĂĄilte ach nĂ­os faide, go mbeadh an t-othar sĂ©alaithe gan an Ola Dheireannach.
Ba shin Ă© an tAthair Mick Gallagher, ceann dena daoine ba chlĂșitigh in Acaill, nĂĄr spĂĄrĂĄil Ă© fĂ©in lĂĄ nĂĄ oĂ­che ar son a phobail, agus dĂĄla an Chruthaitheora, go mba Ă© a shearbhĂłnta dĂ­lis Ă©, nĂ­ raibh fabhar aige leis an saibhir thar an daibhir. Ba le dea-chroĂ­ ba mĂł a shaothraigh an tAth. Ó GallachĂłir dĂĄ phobal, mar go rabhadar beo bocht, agus gur beag an tuarastal a bhĂ­odar i ndon a Ă­oc. NĂ­ raibh ach ÂŁ5 i dtuarastal na bliana ar fad in Acaill Uachtair uair amhĂĄin, agus murach acmhainn a athar nĂ­ mhairfeadh an sagart dĂșthrachtach ar an SoiscĂ©al. Uair eile, nĂ­ raibh ach 15/- i mbailiĂșchĂĄn na CĂĄsca ar Acaill Íochtair, agus thug sĂ© an bailiĂșchĂĄn iomlĂĄn d’fhear bocht le fĂłirithint ar a mhuirĂ­n.
An t-achar agus a bhĂ­ sĂ© ina chĂłnaĂ­ i mBrĂ©an Ascaill, d’fhostaĂ­odh sĂ© beirt fhear chuile earrach chun a phaiste beag talĂșn a chur. Ba chuid dĂĄ ndualgas a dhul sa gcladach agus feamainn a bhaint ar na carraigreacha chun leasĂș a chur ar na fataĂ­. Earrach amhĂĄin, thug na fir a bhĂ­ ag obair don Ath. Mick bĂĄd leo chomh fada leis an gcladach taobh thiar d’ĂĄras Chormaic ar an gCorrĂĄn. Ba Ă© Cormac an tiarna talĂșn, agus d’fhĂĄg duine dena fir an bĂĄd chun feamainn a bhaint ar mhullĂĄn bĂĄite. DĂșirt Cormac go mba leis fĂ©in an mullĂĄn agus an fheamainn a bhĂ­ air, agus chuir sĂ© an dlĂ­ ar an Ath. Mick de bharr bradaĂ­le agus damĂĄiste. DhealrĂłdh sĂ© go mb’aisteach an beart le dĂ©anamh ag tiarna talĂșn Caitliceach Ă© seo, ach bhĂ­ an tAth. Mick go lĂĄidir in aghaidh tiarnas talĂșn, agus b’fhada le Cormac go mbainfeadh sĂ© a shĂĄsamh amach. DĂĄla cĂșis eile a tugadh in aghaidh an Ath. Mick, bhĂ­ an cĂĄs ag gabhĂĄil Ăł chĂșirt go cĂșirt go dtĂ­ go raibh cĂșpla cĂ©ad punt cosnaithe aige sa deireadh, agus trĂ©is gur ofrĂĄil Cormac an cĂĄs a rĂ©iteach ar shuim bheag, nĂ­ ghlacfadh an tAth. Mick, a cheap gur aige fĂ©in a bhĂ­ an ceart, lena rĂ©iteach, agus sa deireadh thiar caitheadh an cĂĄs amach. DĂĄ bhrĂ­ sin, chaith an tAth. Mick a chostais dlĂ­ fĂ©in a Ă­oc, agus arĂ­st ar ais sĂ©n t-athair a thĂĄinig i gcabhair air, ach fĂ©n am go raibh na fiacha Ă­octha bhĂ­ an sparĂĄn an athar spĂ­onta.
BhĂĄsaigh an tAth. Mick Gallagher go rĂ©asĂșnta Ăłg, gan aige ach an trĂ­ scĂłr bliain, ach bhĂ­ a chuid blianta ar an misiĂșn an-chrua, agus mharaigh sĂ© Ă© fĂ©in ar son an phobail. Dar ndĂłigh, bhris sĂ© caipĂ­n a ghlĂșnach le linn dĂł a bheith ag freastal ar othar, agus de bharr droch-aire, agus gan Ă© ag tabhairt aon deis di feabhsĂș ceart, thĂĄinig sĂ­ roimhe go mĂłr sna blianta deireannacha.
Ar an 2Ăș lĂĄ de MhĂ­ MheĂĄn FhĂłmhair 1867 bhĂĄsaigh an tAthair Mick Gallagher. Nuair a shroich an scĂ©ala an pobal, thĂĄinigeadar ina sluaite; Ăł Dhubh Eacha go CorrĂĄn, Ăł Acaill Beag go TĂłin re Gaoith, chun a n-omĂłs dĂĄ sagart dĂ­lis a thaispeĂĄint, agus chun suaimhneas sĂ­oraĂ­ dĂĄ anam a Ă©ileamh ar Dhia ina dteanga dhĂșchais Ghaeilge. Sar ar bhĂĄsaigh sĂ©, chuir sĂ© a mhian gur i dteannta a athar agus a dhearthĂĄr i gCill Damhnait a chuirfĂ­ Ă©, ar phĂĄipĂ©ar. Ar lĂĄ na sochraide rinne an Ath. Richard Prendergast iarracht Ă© a chur i dTeach Pobail Chill Damhnait, ach chuir William Pike ina choinne, agus nĂ­ raibh aon mhaith aige ann go gcomhlĂ­onfaĂ­ tĂ©armaĂ­ an Ășchta. Cuireadh an tAth. Mick sa gcrĂ© i sean-reilig Chill Damhnait i dteannta a athar agus a dhearthĂĄr.

Iascairí an Chorråin (© An Mayo News)

Ar an 14Ăș Nollaig seo caite, thĂłg FĂłrsaĂ­ ShaorstĂĄit Éireann bĂĄid iascaigh iascairĂ­ an ChorrĂĄin, Acaill, agus tugadh go CĂ©ibh Chathair na Mart iad, ĂĄit a bhfuileadar coinnithe Ăł shin. TĂĄ sĂ© cloiste againn go bhfuil na hiascairĂ­ sin a bhfuil cosc orthu a mbeatha a shaothrĂș ar anchaoi, agus go bhfuil Comhairleoir Ceantair Theach na mBocht Chathair na Mart chun fĂłirithint a lorg dĂłibh. BreathnaĂ­onn sĂ© aisteach go mbeadh na bĂĄid coinnithe chomh fada sin. Is i lĂ©ig atĂĄ siad ag dul ceangailte i gCĂ©ibh Chathair na Mart, agus is mĂłr an seans nach fiĂș trĂĄithnĂ­n cuid dena bĂĄid sin anois. TĂĄ sĂșil againn go dtabharfaidh siadsan a bhfuil an cumhacht acu aird ar an scĂ©al seo. Is uafĂĄsach an chailliĂșint dena hiascairĂ­ bochta seo a gcuid bĂĄd a bheith tĂłgtha le linn sĂ©asĂșr iascaigh an troisc.

Sin tuairisc a tĂłgadh Ăłn Mayo News, 10Ăș MĂĄrta 1923. Fuair muid amach gur thĂłg Arm an SaorstĂĄit nĂł na DubhchrĂłnnaigh ocht mbĂĄd Ăłn gClochĂĄn, agus tĂĄ cuimhne ag roinnt seandaoine ar an lĂĄ sin, agus a bheith ag breathnĂș ar na bĂĄid ag dul soir go Cathair na Mart, ceann i ndiaidh an chinn eile. Siad na bĂĄid a tĂłgadh nĂĄ bĂĄd MhĂ­cheĂĄl SheĂĄin, MhĂ­cheĂĄl Jim, MhĂ­cheĂĄl an TĂĄilliĂșra, Phat Liam, Pheaits MĂłr, James Mhaud, Phat MhĂ­cheĂĄil. Tugadh na bĂĄid ar ais agus hĂ­ocadh ÂŁ8 cĂșiteamh leis na hiascairĂ­.

Don Oir. James Dwyer, S.P ACAILL I.T.

A Oirmhinnigh Uasail,
chun mĂ© fĂ©in a shaoradh, sĂ­lim go bhfuil sĂ© riachtanach an drochbhail a chuir tĂș orm DĂ© Domhnaigh sĂ© caite ag an Aifreann a chur os comhair an phobail, i dteannta an Ășdair feirge a thug mĂ© dhuit. TĂĄ fhios agat gur fear mĂ© a mhaireann ar mo thionscal, agus dar ndĂłigh meĂĄim agus Ă­ocaim le chuile dhuine is cuma cĂ©n creideamh atĂĄ aige, chomh fada agus atĂĄ sĂ© ionraic ina ghnaithĂ­. DĂĄ bhrĂ­ sin, dhĂ­ol mĂ© roinnt fataĂ­ le lucht an CholonaĂ­, beart a d’Ă­oc tĂș go mĂ­thrĂłcaireach orm ag an Aifreann, trĂ­ mo mhaslĂș agus mo mhallachtĂș, agus trĂ­ mo dhĂ­birt as an SĂ©ipĂ©al os comhair an phobail mar a dhĂ©anfĂĄ le eiriceach. Go deimhin, nĂ­ thabharfainn milleĂĄn dhuit mallacht a chur orm dĂĄ mbeinn chun mo chreideamh a athrĂș, dĂ­reach mar a dhĂ©anann tĂș le chuile dhuine eile a iompaĂ­onn ina PhrotastĂșnach, ach nĂ­ hamhlaidh an cĂĄs dhomsa. NĂ­ dhearna mĂ© ach luach a gcuid airgid a thabhairt dĂłibh dĂ­reach mar a dhĂ©anfainn le Ă©inne eile, agus fĂ©adfaidh tĂș a bheith ag lĂ©amh na mallacht go lĂĄ philib a’ chleite ach, nĂ­ choiscfidh tĂș mĂ©, mar tĂĄ mĂ© cinnte nach ligfidh Dia dhĂłibh titim orm sa gcĂĄs ina bhfuil mĂ©.

Anois, Ăł tharla gur bhain tĂș asam Ă©, cuirfidh mĂ© do thrĂ©ithe suaracha, do chaitheamh anuas ar dhaoine, os comhair an phobail. TĂĄ fhios agat an uair dheiridh a raibh na faoistinĂ­ agat in mo theach-sa go ndeacha tĂș go dtĂ­ an chĂ©ad bhaile eile, agus gur dhĂșirt tĂș leis na comharsan go raibh sĂșil agat go gcaithfidĂ­s nĂ­os fearr leat nĂĄ mar a chaith mise; nach raibh tĂș ariamh i dteach chomh suarach, gur thug mĂ© ocras duit fĂ©in agus dona caiple. Thug tĂș Ă©itheach, agus tĂĄ T. & R. & M’G, triĂșr duine uasal a thug mĂ© chun dinnĂ©ir le comhluadar a dhĂ©anamh leat ar an ĂłcĂĄid sin, mar fhianaise agam. TĂĄ fhios agat gur ar an Aoine a thit sĂ© agus nach bhfĂ©adfĂĄ feoil a ithe. DĂĄ bhrĂ­ sin, rĂ©itigh mĂ© lang saillte le haghaidh do dhinnĂ©ir agus neart fuisce, agus thug mĂ© neart arĂĄin agus ime agus tae dhuit le haghaidh do bhricfeasta agus do shuipĂ©ir, agus ina dhiaidh sin an oiread puins agus a bhĂ­ tĂș ĂĄbalta a Ăłl, agus fuair na caiple neart fataĂ­, mar nĂĄ raibh aon choirce le fĂĄil. agus sĂ© a raibh de bhuĂ­ochas agat orm nĂĄ a bheith ag caitheamh anuas orm taobh thiar de mo dhroim.
Is mise, a Dhuine Uasail,
Patrick McHugh,
DĂșn Eibhir, 5 IĂșil, 1839.

Pádraig S. Ó Máille

Ba Ă© Patrick J. O’Malley, iar-uachtarĂĄn an Cleveland AFL-CIO Federation of Labour, an ceannaire ceardchumainn ba chumhachtaĂ­ sa gcathair trĂĄth den tsaol. BhĂ­ sĂ© ag baint cĂ©im i ndiaidh cĂ©ime amach san United Auto Workers nĂł gur shroich sĂ© post an stiĂșrthĂłra rĂ©igiĂșnach, post a choinnigh sĂ© ar feadh naoi mbliana dĂ©ag nĂł gur Ă©irigh sĂ© as obair i 1968.
Tugadh an tUasal Ó MĂĄille as PĂĄirc Fairview chuig ospidĂ©al Lakewood DĂ© Domhnaigh de bharr taom croĂ­ agus bhĂĄsaigh sĂ© ansin innĂ©. BhĂ­ sĂ© cheithre scĂłr bliain. Ba mac feilmĂ©ara beag as Co. Mhuigheo, Éirinn, Ă©, a fuair a chĂ©ad-amharc ar cheardchumannachas nuair a bhĂ­ sĂ© ag obair i mianaigh guail Shasana, agus gan d’aois aige ach seacht mbliana dĂ©ag. Cheithre bliana ina dhiaidh sin d’imigh sĂ© go Cleveland, ĂĄit a raibh a thriĂșr deirfiĂșr curtha futhĂș, ach nĂ­or fhĂĄg sĂ© an chanĂșint nĂĄ an tadhd ina dhiaidh, cĂ© is moite gur mhaolaĂ­odar leis na blianta. Ba cheannaire dĂ­reach a raibh ligean chuige agus uaidh aige Ă©, agus mĂĄ bhuail tadhd fĂ©in Ă© ba ghearr uaidh a leithscĂ©al a ghabhĂĄil, a dĂșirt sean-chomhleacaĂ­ leis.
Fuair sĂ© saorĂĄntacht MheiriceĂĄ ar an 22Ăș d’Eanair 1932. BhĂ­ sĂ© ina bhall d’Arm na Poblachta, ag troid na Sasanach, ach sin trĂ©imhse dĂĄ shaol nach labhraĂ­odh sĂ© air. I seomra poist an Plain Dealer a fuair sĂ© a chĂ©ad phost anseo. D’inis sĂ© fĂ©in do thuairisceoir faoina bhriseadh as an bpost sin agus as trĂ­ cinn eile gairid ina dhiaidh de bharr a chuid tadhda. I 1928 fuair sĂ© post mar chlĂ©ireach liostĂĄla agus maor ama. Nuair a heagraĂ­odh ceardchumann an tsean-CIO ann chĂșig bhliana ina dhiaidh sin, bhĂ­ sĂ© ar cheann dena chĂ©ad daoine a chuaigh isteach ann. Ba shin ba tĂșs lena bhlianta fada ag plĂ© leis an gCeardchumannachas. BaistĂ­odh Cumann ÁitiĂșil 32 den UAW ar cheardchumann White, agus nĂ­ raibh post oifigigh ag imeacht nach bhfuair an Uasal Ó MĂĄille i rith na mblianta. BhĂ­ sĂ© ina uachtarĂĄn pĂĄirt-aimseartha ar an Cleveland Federation of Labour Ăł 1958 go 1968, ach nuair a d’Ă©irigh sĂ© as a phost mar stiĂșrthĂłir rĂ©igiĂșnach an UAW i 1968, ceapadh ina uachtarĂĄn lĂĄn-aimseartha Ă©. Aisteach go leor, ba i 1968 a tharraing an UAW amach as an AFL-CIO nĂĄisiĂșnta, agus dĂ©anadh ball den International Association of Machinists don Uasal Ó MĂĄille, chun go mbeadh sĂ© i dteideal an phoist is airde, post a choinnigh sĂ© go tĂșs na seachtĂłidĂ­. BhĂ­ sĂ© ina leas-uachtarĂĄn freisin ar an Ohio AFL-CIO.
D’imir sĂ© sacar le Celtics sna chĂ©ad bhlianta dĂł i Cleveland, agus mhĂĄirseĂĄil sĂ© i bparĂĄideanna LĂĄ le PĂĄdraig ag casadh na bpĂ­opaĂ­ i mbanna mĂĄirseĂĄla. Ba Ă© a bhĂ­ mar ard-mhaor ar an bparĂĄid i 1959. Bhronn an Greater Cleveland Knights of Columbanus Duais Chathartha air i 1964, agus i 1968 d’ainmnigh an Irish Good Fellowship Club ina Irish Good Fellow Ă©. BhĂ­ sĂ© ar bhord a lĂĄn grĂșpaĂ­ cathartha agus leasa shĂłisialta, agus i 1970 cuireadh i gceannas ard-ghiĂșirĂ© an chontae Ă© do thĂ©arma MheĂĄn FhĂłmhair. Sa mbliain 1967 bhronn an United Appeal of Greater Cleveland duais seirbhĂ­se oirirc air. TrĂ©is Ă©irĂ­ as obair dĂł chaith sĂ© chĂșig bhliana ar bhord achomhairce criosĂĄla PhĂĄirc Fairview. BhĂĄsaigh a bhean Mary, trĂ©is trĂ­ bliana agus leathchĂ©ad a bheith caite pĂłsta acu, i 1981. D’fhĂĄg sĂ© beirt inĂ­on, Patricia Ratty agus Nancy McNamara, ina dhiaidh, i dteannta le deichniĂșr garchlainne, triĂșr iar-gharchlainne, agus triĂșr deirfiĂșr, Mary, Annie agus Betty. Beidh an tseirbhĂ­s ag 10.00 a.m. in Eaglais Caitliceach N. Angela Merici, 20970 Br. Lorain, PĂĄirc Fairview.