History as Gaelige

History Ladies

Murach Sarah Moran, Jean Cattigan, Pat Fallon agus Celia Ruddy (thuas), a chaith a dtréimhse taithí oibre chúns bhíodar ar scéim FÁS, ag cló an eolais seo ar an ríomhaire, ní bheadh an leabhrán ar fáil. Buíochas ó chroí leis an gceathrar agaibh as ucht an deis a thabhairt do chuile dhuine na cáipéisí seo a fheiceáil. Buíochas ó chroí freisin le chuile dhuine ar an scéim roimhe sin a bhailigh an t-eolas seo , agus dar ndóigh, le FÁS, Ionaid Phobail IT Acla, TASPO, scéim scoláirí Ghob a’ Choire, Mhuintir Acla, agus eagraithe na gcúrsaí. Agus buíochas ar leith do Bridget Flynn agus a muintir as ucht cáipéis an Choimisiún Bealoideasa a thabhairt ar iasacht. Tá go leor dena scéalta nach fios cé hé an scéalaí, cuid eile atá tógtha as an Mayo News, agus siad cuimhní cinn Mhíchíl Uí Ghallchóir (Micí Tomaí), a thóg an Coimisiún Béaloideasa uaidh i 1941, cuid eile fós.

Tá an obair seo dá thíolacadh do Dhonnchadh Ó Gallchóir a raibh a chroí agus a anam san áit seo.