Tógáil na mhainistreach i mBun a’ Chorraigh (1941)

Is cuimhin liom nuair a tháinig na manaigh go Bun a’ Chorraigh (baile beag i lár Acla), agus is beag ná raibh sé ina throid nuair a bhíodar ag bailiú na gcloch don mhainistir. Ba ar thalamh Ghallchóir (úinéirí an tí ósta atá ar cíos ag Michael Lyons anois), os cionn an bhóthair ag an droichidín, a bhí na clocha bailithe lena dtabhairt síos go Bun a’ Chorraigh, an áit a rabhadar chun an mhainistir a thógáil. Tháinig muintir an Chaisil agus Bhun a’Chorraigh leis an manaigh a stopadh na clocha a thabhairt anuas. Nuair a chuala muintir an Chorráin an scéala tháinigeadar anuas faoina gcuid caiple agus asail agus cairteanna, chun na clocha a thabhairt síos do na manaigh.
Ba bhean ó thaobh an Chloch Mhóir, Grace Gallagher, a rug ar an gcéad chloch, agus ansin lean fear darbh ainm Patín í agus fear dena Nualláin. Ba de mhuintir an Ath. Gallagher í Grace Gallagher (féach sliocht ar an Ath. Gallagher). Nuair a chonaic muintir an Chaisil agus Bhun a’ Chorraigh go raibh muintir an Chorráin dháiríre, chuadar abhaile agus tógadh an mhainistir.
Bliain nó dhó thréis do m’uncail (An tAth. Michael Gallagher) a theacht go hAcaill a tógadh an mhainistir. Is san mbliain 1847 a tháinig an tAth. Gallagher go hAcaill. Bhí furmhór mhuintir Bhun a’ Chorraigh agus an Chaisil ina “soupers” ag an am, agus sin é an chúis ná raibh aon fháilte acu roimh an mainistir i mBun a’ Chorraigh. Ach ba Chaitlicigh dílse iad furmhór mhuintir an Chorráin, agus tháinigeadar chun cabhrú leis na manaigh. Thug an tEaspag ordú go mbeadh céad míle fáilte, fuíollach le n-ithe agus leaba na hoíche ag fear an Chorráin an t-achar agus a bheadh an mhainistir ann. Níl fhios agam an bhfuil sin amhlaidh i gcónaí mar tá an saol athraithe, agus ní bhíonn daoine ag taisteal fada de shiúl a gcos mar a bhíodh fadó.

Muilinn Bhéal Fearsad (1941)

Bhí ch’aon cheann acu in aice an tséipéil ar an taobh ó dheas, san áit a bhfuil na haibhneacha ag déanamh a mbealach go cladach. Ba le teallach dena Heverins as Iorrus (as Dubh Loch b’fhéidir, s.m) iad. Tá cuid dá sinsear i gcónaí i mBéal Fearsad fós, agus bhí duine dena fir pósta ag iníon Phatchacó. Ba le haghaidh meilt choirce ceann dena muilinn agus ní raibh sa gceann eile ach ceann beag le haghaidh ramhrú flainnín. Ba é ceann an choirce ba ghaire don tséipéal. Tá sé os cionn leathchéad bliain ó stop an ceann mór ach bhí an ceann beag ag obair suas go dtí timpeall scór bliain ó shin.

Patchacó (1941)

Bhí iníon Phatchacó pósta ag duine dena Heverins go mba leo an muileann, (bhí an muileann i mBéal Fearsad in aice na háite a bhfuil Teach an Phobail faoi láthair, agus tá Béal Fearsad gar do Ghob a’ Choire). Pat McNeela a bhí ar Phatchacó, agus b’as Tóin re Gaoith nó an Clagán (i mBaile Chruaiche Íochtair) é. Bhíodh sé leis an gCaiptín Ó Máille; bhí sé ina fhear farraige ní b’fhearr ná an Caiptín, ach ní raibh stiúradh an Chaiptín aige, agus is annamh a théadh an Caiptín chun farraige dá oireasa.

An tAthair Mícheál Ó Gallchóir

Sa mbliain 1847, bliain an ghorta, cuireadh an tAth. Mick i gceannas paróiste Acla. Bhí misiún Nangle i mbarr a réime. Bhí cáil oibre Mhick ar son a phobail sroichte go hAcaill, agus thosaigh Nangle agus a lucht leanúna dá chrá agus dá chiapadh ar chuile bhealach. Chuir an tAth. Mick faoi sa gCaiseal mar go m’shin é an áit b’fheiliúnaí dó chun freastal ar an bpobal, agus rinne Nangle chuile iarracht é a dhíbirt ach chinn air. Ní raibh aige le déanamh ach an áit a cheannacht ó O’Donnelly Bhaile Uí Fhiacháin, agus ansin d’éirigh leis an sagart a chur as seilbh. B’éigean dó imeacht as an gCaiseal agus chuir sé faoi i dTeach an Mháma. Ach fiú amháin ansin féin lean na ciapadóirí é, agus briseadh anuas an staighre agus an sagart inairde an tí. Ghoill na bealaí cama Nangle fiú amháin ar dhaoine áithrid i gChumann Protastúnach Acla, agus thug William Pike as Doire an Rí píosa beag talúna don tsagart i mBréan Ascaill chun tógáil air.
Dála Oileán Éadaigh, níor spáráil an tAth. Mick é féin, d’oibrigh sé luath agus mall ar son a phobail. Go deimhin féin, déanadh cláiríneach de tráth a raibh sé ag freastal ar dhuine dá phobal. Chaith an capall é agus é ar a bhealach chun an Ola Dheireannach a chur ar fhear a bhí ag fáil bháis i mBaile an Ghleanna sa gCorrán, agus briseadh a ghlúin. Ón lá sin amach, b’éigean dó dhá mhaide a bheith aige. Ar ócáid eile, glaodh go Dubh Éige air ag a haon a’ chlog ar maidin chun freastal ar fhear bhí ag fáil bháis, agus de bhrí nach raibh aon bhóthar go Dubh Éige ag an am d’iarr sé ar shean-Mhaitiú Heaney é a thionlacan. Ach nuair a bhíodar imithe chun bealaigh, tháinig dream eile ar a lorg chun freastal ar dhuine tinn i Maigh Mhuilinn sa gCorrán, agus sar ar chasadar-san abhaile dúradar le cailín an tsagairt go lasfaí tine i Maigh Mhuilinn dá mbeadh géar-ghá leis an sagart an oíche sin.
Nuair a d’fhill an sagart agus Maitiú as Dubh Éige bhí an tine le feiceáil i Maigh Mhuilinn, agus nuair a hinsíodh a brí don tsagart ní dhearna sé ach an capall a shrathrú agus imeacht ar cosa in airde go Gob na Fearta trasna ó Mhaigh Mhuilinn. Thug sé aghaidh an chapaill sa taoille, agus shnámh sé é trasna an leathmhíle farraige gur tháinig sé i dtír ar Ghob na nAistrí. Bhí sé díreach in am leis an Ola Dheireannach a chur ar an bhfear a bhí ag séaladh. Is mór an seans dá dtéadh sé bóthar Bhéal Fearsad a bhí níos sábháilte ach níos faide, go mbeadh an t-othar séalaithe gan an Ola Dheireannach.
Ba shin é an tAthair Mick Gallagher, ceann dena daoine ba chlúitigh in Acaill, nár spáráil é féin lá ná oíche ar son a phobail, agus dála an Chruthaitheora, go mba é a shearbhónta dílis é, ní raibh fabhar aige leis an saibhir thar an daibhir. Ba le dea-chroí ba mó a shaothraigh an tAth. Ó Gallachóir dá phobal, mar go rabhadar beo bocht, agus gur beag an tuarastal a bhíodar i ndon a íoc. Ní raibh ach £5 i dtuarastal na bliana ar fad in Acaill Uachtair uair amháin, agus murach acmhainn a athar ní mhairfeadh an sagart dúthrachtach ar an Soiscéal. Uair eile, ní raibh ach 15/- i mbailiúchán na Cásca ar Acaill Íochtair, agus thug sé an bailiúchán iomlán d’fhear bocht le fóirithint ar a mhuirín.
An t-achar agus a bhí sé ina chónaí i mBréan Ascaill, d’fhostaíodh sé beirt fhear chuile earrach chun a phaiste beag talún a chur. Ba chuid dá ndualgas a dhul sa gcladach agus feamainn a bhaint ar na carraigreacha chun leasú a chur ar na fataí. Earrach amháin, thug na fir a bhí ag obair don Ath. Mick bád leo chomh fada leis an gcladach taobh thiar d’áras Chormaic ar an gCorrán. Ba é Cormac an tiarna talún, agus d’fhág duine dena fir an bád chun feamainn a bhaint ar mhullán báite. Dúirt Cormac go mba leis féin an mullán agus an fheamainn a bhí air, agus chuir sé an dlí ar an Ath. Mick de bharr bradaíle agus damáiste. Dhealródh sé go mb’aisteach an beart le déanamh ag tiarna talún Caitliceach é seo, ach bhí an tAth. Mick go láidir in aghaidh tiarnas talún, agus b’fhada le Cormac go mbainfeadh sé a shásamh amach. Dála cúis eile a tugadh in aghaidh an Ath. Mick, bhí an cás ag gabháil ó chúirt go cúirt go dtí go raibh cúpla céad punt cosnaithe aige sa deireadh, agus tréis gur ofráil Cormac an cás a réiteach ar shuim bheag, ní ghlacfadh an tAth. Mick, a cheap gur aige féin a bhí an ceart, lena réiteach, agus sa deireadh thiar caitheadh an cás amach. Dá bhrí sin, chaith an tAth. Mick a chostais dlí féin a íoc, agus aríst ar ais sén t-athair a tháinig i gcabhair air, ach fén am go raibh na fiacha íoctha bhí an sparán an athar spíonta.
Bhásaigh an tAth. Mick Gallagher go réasúnta óg, gan aige ach an trí scór bliain, ach bhí a chuid blianta ar an misiún an-chrua, agus mharaigh sé é féin ar son an phobail. Dar ndóigh, bhris sé caipín a ghlúnach le linn dó a bheith ag freastal ar othar, agus de bharr droch-aire, agus gan é ag tabhairt aon deis di feabhsú ceart, tháinig sí roimhe go mór sna blianta deireannacha.
Ar an 2ú lá de Mhí Mheán Fhómhair 1867 bhásaigh an tAthair Mick Gallagher. Nuair a shroich an scéala an pobal, tháinigeadar ina sluaite; ó Dhubh Eacha go Corrán, ó Acaill Beag go Tóin re Gaoith, chun a n-omós dá sagart dílis a thaispeáint, agus chun suaimhneas síoraí dá anam a éileamh ar Dhia ina dteanga dhúchais Ghaeilge. Sar ar bhásaigh sé, chuir sé a mhian gur i dteannta a athar agus a dhearthár i gCill Damhnait a chuirfí é, ar pháipéar. Ar lá na sochraide rinne an Ath. Richard Prendergast iarracht é a chur i dTeach Pobail Chill Damhnait, ach chuir William Pike ina choinne, agus ní raibh aon mhaith aige ann go gcomhlíonfaí téarmaí an úchta. Cuireadh an tAth. Mick sa gcré i sean-reilig Chill Damhnait i dteannta a athar agus a dhearthár.

Iascairí an Chorráin (© An Mayo News)

Ar an 14ú Nollaig seo caite, thóg Fórsaí Shaorstáit Éireann báid iascaigh iascairí an Chorráin, Acaill, agus tugadh go Céibh Chathair na Mart iad, áit a bhfuileadar coinnithe ó shin. Tá sé cloiste againn go bhfuil na hiascairí sin a bhfuil cosc orthu a mbeatha a shaothrú ar anchaoi, agus go bhfuil Comhairleoir Ceantair Theach na mBocht Chathair na Mart chun fóirithint a lorg dóibh. Breathnaíonn sé aisteach go mbeadh na báid coinnithe chomh fada sin. Is i léig atá siad ag dul ceangailte i gCéibh Chathair na Mart, agus is mór an seans nach fiú tráithnín cuid dena báid sin anois. Tá súil againn go dtabharfaidh siadsan a bhfuil an cumhacht acu aird ar an scéal seo. Is uafásach an chailliúint dena hiascairí bochta seo a gcuid bád a bheith tógtha le linn séasúr iascaigh an troisc.

Sin tuairisc a tógadh ón Mayo News, 10ú Márta 1923. Fuair muid amach gur thóg Arm an Saorstáit nó na Dubhchrónnaigh ocht mbád ón gClochán, agus tá cuimhne ag roinnt seandaoine ar an lá sin, agus a bheith ag breathnú ar na báid ag dul soir go Cathair na Mart, ceann i ndiaidh an chinn eile. Siad na báid a tógadh ná bád Mhícheál Sheáin, Mhícheál Jim, Mhícheál an Táilliúra, Phat Liam, Pheaits Mór, James Mhaud, Phat Mhícheáil. Tugadh na báid ar ais agus híocadh £8 cúiteamh leis na hiascairí.

Don Oir. James Dwyer, S.P ACAILL I.T.

A Oirmhinnigh Uasail,
chun mé féin a shaoradh, sílim go bhfuil sé riachtanach an drochbhail a chuir tú orm Dé Domhnaigh sé caite ag an Aifreann a chur os comhair an phobail, i dteannta an údair feirge a thug mé dhuit. Tá fhios agat gur fear mé a mhaireann ar mo thionscal, agus dar ndóigh meáim agus íocaim le chuile dhuine is cuma cén creideamh atá aige, chomh fada agus atá sé ionraic ina ghnaithí. Dá bhrí sin, dhíol mé roinnt fataí le lucht an Cholonaí, beart a d’íoc tú go míthrócaireach orm ag an Aifreann, trí mo mhaslú agus mo mhallachtú, agus trí mo dhíbirt as an Séipéal os comhair an phobail mar a dhéanfá le eiriceach. Go deimhin, ní thabharfainn milleán dhuit mallacht a chur orm dá mbeinn chun mo chreideamh a athrú, díreach mar a dhéanann tú le chuile dhuine eile a iompaíonn ina Phrotastúnach, ach ní hamhlaidh an cás dhomsa. Ní dhearna mé ach luach a gcuid airgid a thabhairt dóibh díreach mar a dhéanfainn le éinne eile, agus féadfaidh tú a bheith ag léamh na mallacht go lá philib a’ chleite ach, ní choiscfidh tú mé, mar tá mé cinnte nach ligfidh Dia dhóibh titim orm sa gcás ina bhfuil mé.

Anois, ó tharla gur bhain tú asam é, cuirfidh mé do thréithe suaracha, do chaitheamh anuas ar dhaoine, os comhair an phobail. Tá fhios agat an uair dheiridh a raibh na faoistiní agat in mo theach-sa go ndeacha tú go dtí an chéad bhaile eile, agus gur dhúirt tú leis na comharsan go raibh súil agat go gcaithfidís níos fearr leat ná mar a chaith mise; nach raibh tú ariamh i dteach chomh suarach, gur thug mé ocras duit féin agus dona caiple. Thug tú éitheach, agus tá T. & R. & M’G, triúr duine uasal a thug mé chun dinnéir le comhluadar a dhéanamh leat ar an ócáid sin, mar fhianaise agam. Tá fhios agat gur ar an Aoine a thit sé agus nach bhféadfá feoil a ithe. Dá bhrí sin, réitigh mé lang saillte le haghaidh do dhinnéir agus neart fuisce, agus thug mé neart aráin agus ime agus tae dhuit le haghaidh do bhricfeasta agus do shuipéir, agus ina dhiaidh sin an oiread puins agus a bhí tú ábalta a ól, agus fuair na caiple neart fataí, mar ná raibh aon choirce le fáil. agus sé a raibh de bhuíochas agat orm ná a bheith ag caitheamh anuas orm taobh thiar de mo dhroim.
Is mise, a Dhuine Uasail,
Patrick McHugh,
Dún Eibhir, 5 Iúil, 1839.

Pádraig S. Ó Máille

Ba é Patrick J. O’Malley, iar-uachtarán an Cleveland AFL-CIO Federation of Labour, an ceannaire ceardchumainn ba chumhachtaí sa gcathair tráth den tsaol. Bhí sé ag baint céim i ndiaidh céime amach san United Auto Workers nó gur shroich sé post an stiúrthóra réigiúnach, post a choinnigh sé ar feadh naoi mbliana déag nó gur éirigh sé as obair i 1968.
Tugadh an tUasal Ó Máille as Páirc Fairview chuig ospidéal Lakewood Dé Domhnaigh de bharr taom croí agus bhásaigh sé ansin inné. Bhí sé cheithre scór bliain. Ba mac feilméara beag as Co. Mhuigheo, Éirinn, é, a fuair a chéad-amharc ar cheardchumannachas nuair a bhí sé ag obair i mianaigh guail Shasana, agus gan d’aois aige ach seacht mbliana déag. Cheithre bliana ina dhiaidh sin d’imigh sé go Cleveland, áit a raibh a thriúr deirfiúr curtha futhú, ach níor fhág sé an chanúint ná an tadhd ina dhiaidh, cé is moite gur mhaolaíodar leis na blianta. Ba cheannaire díreach a raibh ligean chuige agus uaidh aige é, agus má bhuail tadhd féin é ba ghearr uaidh a leithscéal a ghabháil, a dúirt sean-chomhleacaí leis.
Fuair sé saorántacht Mheiriceá ar an 22ú d’Eanair 1932. Bhí sé ina bhall d’Arm na Poblachta, ag troid na Sasanach, ach sin tréimhse dá shaol nach labhraíodh sé air. I seomra poist an Plain Dealer a fuair sé a chéad phost anseo. D’inis sé féin do thuairisceoir faoina bhriseadh as an bpost sin agus as trí cinn eile gairid ina dhiaidh de bharr a chuid tadhda. I 1928 fuair sé post mar chléireach liostála agus maor ama. Nuair a heagraíodh ceardchumann an tsean-CIO ann chúig bhliana ina dhiaidh sin, bhí sé ar cheann dena chéad daoine a chuaigh isteach ann. Ba shin ba tús lena bhlianta fada ag plé leis an gCeardchumannachas. Baistíodh Cumann Áitiúil 32 den UAW ar cheardchumann White, agus ní raibh post oifigigh ag imeacht nach bhfuair an Uasal Ó Máille i rith na mblianta. Bhí sé ina uachtarán páirt-aimseartha ar an Cleveland Federation of Labour ó 1958 go 1968, ach nuair a d’éirigh sé as a phost mar stiúrthóir réigiúnach an UAW i 1968, ceapadh ina uachtarán lán-aimseartha é. Aisteach go leor, ba i 1968 a tharraing an UAW amach as an AFL-CIO náisiúnta, agus déanadh ball den International Association of Machinists don Uasal Ó Máille, chun go mbeadh sé i dteideal an phoist is airde, post a choinnigh sé go tús na seachtóidí. Bhí sé ina leas-uachtarán freisin ar an Ohio AFL-CIO.
D’imir sé sacar le Celtics sna chéad bhlianta dó i Cleveland, agus mháirseáil sé i bparáideanna Lá le Pádraig ag casadh na bpíopaí i mbanna máirseála. Ba é a bhí mar ard-mhaor ar an bparáid i 1959. Bhronn an Greater Cleveland Knights of Columbanus Duais Chathartha air i 1964, agus i 1968 d’ainmnigh an Irish Good Fellowship Club ina Irish Good Fellow é. Bhí sé ar bhord a lán grúpaí cathartha agus leasa shóisialta, agus i 1970 cuireadh i gceannas ard-ghiúiré an chontae é do théarma Mheán Fhómhair. Sa mbliain 1967 bhronn an United Appeal of Greater Cleveland duais seirbhíse oirirc air. Tréis éirí as obair dó chaith sé chúig bhliana ar bhord achomhairce criosála Pháirc Fairview. Bhásaigh a bhean Mary, tréis trí bliana agus leathchéad a bheith caite pósta acu, i 1981. D’fhág sé beirt iníon, Patricia Ratty agus Nancy McNamara, ina dhiaidh, i dteannta le deichniúr garchlainne, triúr iar-gharchlainne, agus triúr deirfiúr, Mary, Annie agus Betty. Beidh an tseirbhís ag 10.00 a.m. in Eaglais Caitliceach N. Angela Merici, 20970 Br. Lorain, Páirc Fairview.

Seoighe: Fear Ildánach (© an Mayo News)

Deir an seanfhocal gur easpa iontaobhais ionat féin é an géilleadh, agus is ceann é nach gcuirfeá thar Phádraig Joyce féin a chumadh. Cén Pádraig? Tá aiféala orainn; Seoighe ba chóir dúinn a rá, an t-ainm a raibh aithne agus eolas air ar fud Acla, an áit aoibhinn ar oibrigh sé chomh dúthrachtach sin ar a shon ar feadh a shaoil. Rugadh Seoighe i Maigh Mhuilinn ar an gCorrán i 1920. Fuair sé a chuid oideachais i Scoil Náisiúnta an Chorráin, i gColáiste Éinne i nGaillimh, agus i gColáiste Oiliúna Phádraigh i mBaile Átha Cliath. Bhí sé ina phríomhoide ar Scoil Náisiúnta na nDoiríní ó 1948 go dtí 1982. Bhí a chroí agus a anam sa teanga Ghaeilge, sa gcultúr agus sna cluichí gaelacha, agus b’iadsan b’ardú meanman dó. Thug sé a shaol, taobh amuigh den scoil agus dá chlann, do chuile ní Gaelach. Ba fhear é Seoighe a mhachnaigh go doimhin, agus nuair a bhí a intinn déanta suas aige ar cheist, ba dheacair é a bhogadh. Ba mhinic a réasúnaíocht ag cur oilc ar dhaoine a bhí i gcoinne a dhearcadh ar an saol, ach b’annamh a buadh air.
Bhí cúram shíoraí air faoi Acaill agus mhuintir Acla, agus b’shin í an chúis go raibh sé ina bhall de bhunaitheoirí Ghluaiseacht Chearta Sibhialta Acla i 1970, agus ina dhiaidh sin i gcur Chomhar Chumann Forbartha Acla ar a bhonnaibh. Is fiú aiste dá gcuid féin gach aon cheann acu, ach is féidir a rá gan bhréag nár spáráil Seoighe é féin san iarracht spriocanna gach aon ghrúpa a shroichint. Chomh fada agus bhain sé leisean, ní raibh aon chluichí eile ann ach cluichí Chumann Luthchleas Gael. Bhí sé ard sa gCumann, ar dtús mar bhall de bhunaitheoirí agus mar bhainisteoir fhad-théarmach Chlub Acla de Chumann Luthchleas Gael, agus ina dhiaidh sin mar Uachtarán ar Bhord Chumann Luthchleas Gael Mhuigheo Thiar, agus ar Bhord Mhionúir Mhuigheo. Dála a sheirbhís dá phobal féin, is go deonach dúthrachtach a bhí a sheirbhís do C.L.G. Bhí féith na scríbhneoireachta ann agus ní raibh sé ach nádúrtha go gcuirfeadh sé peann ar phár. Diabhal Smid Bhréige Ann , cnuasach de ghearrscéalta a d’fhoilsigh FNT/Mayo News i 1981, a bhí ar cheann de thorthaí na féithe sin. Bhí baint fhada shásúil aige leis an Mayo News, ag scríobh do Flashes from Achill ar feadh na mblianta. Ar ámharaí an tsaoil, tá a iníon, Catherine Seoighe, príomhoide Scoil Náisiúnta na nDoiríní, ag leanacht a loirg. Bhí a mhac Mícheál, atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath anois, ar fhoireann an Mayo News ar feadh na mblianta, agus ba é an chéad Bhainisteoir Fógraíochta lán-aimseartha a ceapadh anseo é.
Bhásaigh Pádraig i 1987 tréis tinneas marfach. Chruthaigh sé níos fearr ná an chuid is mó dá chomhaoisigh, agus is cinnte gur thug sé níos mó le linn a shaoil shár-ghníomhach. Is go caoin ceanúil a chuimhneofar air sa Mayo News, agus ní bheadh an t-eagrán comórtha céad bliain seo iomlán gan an teastas seo a thabhairt air. Ar dheis Dé go raibh a anam uasal.

Imirce Acla agus leathinis an Chorráin

Is beag duine a bhí ag dul ar imirce as Acaill roimh 1880. Is amhlaidh a théadh na fir soir faoin tír ag spailpínteacht. Thógtaí ar aonaigh iad le haghaidh an tséasúir. Ach mhéadaigh ar an imirce go mór thréis 1880, agus ba é an t-údar a bhí leis seo ná ardú mór sa gcíos, lobhadh na bhfataí, agus teacht bealach taistil níos fearr. Is i dtús na n-ocht déag ochtóidí a thosaigh daoine ag tarraingt ar Albain. Is trí shiúl a gcos, 100 míle go Sligeach, agus ar bhád as sin go Glascú, a théadh na spailpiní. D’oibridís dona feilméirí fataí ó Mheitheamh go Samhain agus ansin d’fhillidís abhaile. San aimsir dheiridh, cuireadh bád ó ch’aon ait, ó Acaill agus ó Chathair na Mart, ar fáil dena spailpíní. In 1894 leagadh ráille traenach go hAcaill, rud a d’fhág bealach taistil díreach go Baile Átha Cliath, agus as sin bád go Glascú ag na spailpíní. I Mí an Mheithimh 1911 d’fhág 2,100 oibrí Acaill chun fataí a phiocadh in Albain, dream a dtugtaí na “tattie hokers” orthu.
Thosnaigh daoine ag imeacht go Meiriceá as Acaill ins na hocht déag ochtóidí. Bhí tógáil Chanáil Erie faoi lántseoil ag an am. Cheangail sé abhainn an Hudson i Nua Eabhrach le Loch Erie, atá ar cheann dena Locha Móra. Bhí na mílte, fir Acla ina measc, ag obair ar an tógáil seo. Stop an chanáil i gCleveland, Ohio, agus chuir na fir oibre futhú ansin nuair a bhí an obair críochnaithe. Sa lá atá inniu ann, tá 30,000 ainm de bhunadh cheantair Acla in eolairí teileafóin Cleveland; mar shampla, Ó Gallchóir, Ó Maolfhabhail, Mac Fhionntaoch, Mac Suibhne, Mac Conmara, de Búrca, Ó Domhnaill, Ó Cuireagáin, Seoighe, Ó Fearraigh, Ó Cathaláin, agus go leor eile.
I dtús an 20ú haois, d’oibrigh an chuid is sine den mhuirín agus beagnach chuile athair clainne in Acaill ar fheilmeacha éagsúla i Shasana, agus ar theacht an gheimhridh d’fhillidís ar Éirinn. Thugadh buachaillí óga, mná agus cailíní a n-aghaidh ar Albain suas go dtí deireadh na gcaogaidí. Tréis an Dara Cogadh Mór chuaigh go leor d’fhir Acla ag obair ar na foirgnimh i Sasana, agus is amhlaidh atá go dtí an lá atá inniu ann. Thagadh na fir oibre sin abhaile ar chuairt ghearr chuig a muintir faoi Nollaig agus sa Samhraidh. Ach ó dheireadh na seascaidí tá patrún na himirce as Acaill athraithe, agus sén chúis is mó leis seo ná an t-oideachas. San am a caitheadh d’fhágadh daoine óga an scoil tréis na bunscoile. Ach anois ní fhágann daoine óga nó go bhfuil an Ard Teistiméireacht déanta acu, agus san am sin féin is beag acu a théann ar imirce. Leanann siad ar aghaidh leis an oideachas, rud a fhágann go mbíonn deis ar phostanna níos fearr acu. Faigheann a lán obair i mBaile Átha Cliath, i nGaillimh, i Luimneach, agus go deimhin, imíonn siad go Sasana, an Ghearmáin, agus go Meiriceá má tá an t-ádh orthu víosa a fháil. Is beag a fhilleann ar Acaill chun socrú síos ann, agus dá bhrí sin tá an pobal ag dul i léig go tapaidh.

Daonra Acla: 1911 – 6,800
Daonra Acla: 1991 – 2,800

Bás in Acaill: 1995 – 101
Breith in Acaill: 1995 – 8

Taispeánann daonáireamh beag a rinne Grúpa Pobail Loch Gael (Fast) daonra leathinis an Chorráin san lá atá inniu ann. Tá sé roinnte ina hocht gcuid. Siad na coda sin ná Réamhscoil 20, Scoil Náisiúnta 97, Meánscoil 86, Ardscoil 40, Fostaithe 172, Dífhostaithe 108, Mná tí 81, Pinsinéirí 166, rud a fhágann an daonra timpeall 770. Ach níl aithreacha ná buachaillí óga a mb’éigean dóibh dul thar lear ag saothrú san áireamh anseo.

Minister opens Casadh an Taoille


Ar an 21iú de Deire Fomhar thug an t-Aire Pobal, Tuaílle agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, cuairt ar an Corrán le Casadh an Taoille, ionad gniomhaíocht, a oscailt go h-oifigiúil.
Chuir Micheál Seoighthe, Cathairleach Mhuintir a’Chorráin, failte oifigiúil roimh an Aire, athreoraí turas den Ionad IT, seomra dochtúra, seomra cruinnithe, cístin agus teach niachán.
Ina dhiaidh sin i Glór na dTónn, labhar an Cathairleach faoi an obair agus ar na feidhmeána eile a chuireadh ar bún le cuig bliana dheag anuas. Chuir sé feabhas ar shaol an phobáil.
Mhól an t-Aire Muintir a’Chorráin ar a gcuid oibre. Nuair a labhair sé faoi bhas Donncha Ó Gallcobhair, bhí gach duine paírtéach leis in a bhrón. D’admhaigh sé an méid obair a rinne Donnchá ar mhaitheas an Chorráin agus an pharáiste nuair a d’eirigh sé as cursaí pólaitiochtá.
Labhair an t-Aire freisin ar eolas ón tuairisc Commisiun na Gaeltachta. Gheall sé cuidiú leis na Gaeltachtaí a bhfuil lág chun an teangá a neartádh agus a chur chun cinn.
Chun bióuchás a ghlacadh leis, bhrón Micheál Seoighthe an t-Aire le pictúir “Breacadh an lae sa Corrán” ó Jane Steger-Lewis.
Tareis an oraíd agus an brontánnas, cás an t-Aire le toscaireacht ó Muintir a’Chorráin a bhí ag cuir siós faoi rudaí atá ag teastaíl sa phobáil cosuil mar boithre, ceibheanna agus teileachumairsáid.