An Fear a bhí ag Iompar an Choirp (1941)

Chonaic mé le mo dhá shúil féin, buíochas le Dia, fear ag teacht anall as Dubh Éige (baile ar chósta theas Oileán Acla, timpeall leathbealaigh idir Aill Cac a’ Mhionáin agus Béal na gCliath), agus corp ar a dhroim aige. Bhí eiris dá lámh ar an gcorp. Ní raibh aon chónra ar an gcorp ach an t-éadach ar bhásaigh sé ann. Nuair a bhí sé ag dul thar an teach – bhí mé féin, mo mháthair agus mo dheirfiúr ag breathnú amach – chuir mo mháthair mo dheirfiúr ag tabhairt cúnamh den fhear cosa an duine mhairbh a choinneáil suas; bhíodar ag scuabadh na talún. Bhí sé ar a bhealach go reilig Chill Damhnaith leis an bhfear a chur. Chuaigh mo dheirfiúr, go ndéanfaidh Dia trócaire orthu, orthu uile, amach agus thug sí cúnamh dó leis an gcorp. Bhí sí timpeall hocht mbliana níos sine ná mise. Bhí mise timpeall deich nó haondhéag de bhlianta ag an am. D’iompair sé an corp sin chúig mhíle gaelach, agus ba hachrannach an bóthar a bhí le siúl aige. Tháinig sé anall trí Aisléim (baile idir Cill Damhnait agus Dubh Éige) agus anuas anseo ar bhóthar na reilige. Sén t-ainm atá ar an mbóthar a thaistil sé ná Bealach na hAisléime go Dubh Éige. Is le linn an drochshaoil a déanadh an bóthar sin, agus bhí mise i mo ghasúr ag obair air ar phingin sa ló, agus amannta ní bhfaigheadh muid tada, agus amannta eile d’fhaigheadh muid máimín min bhuí.
Chonaic mé fear eile as Dubh Éige le corp (corp a athar) ceangailte de dhréimire, agus an dréimire ar dhroim an fhir ar a bhealach go reilig Chill Damhnait. Tá a lán daoine ó Dhubh Éige curtha ag an droichead ag tí Hughey hIudóige thíos ag an gcladach (tá tí hIúdóige timpeall 80 nó 100 slat ar thaobh Ghob a’Choire de shéipéal Chill Damhnait, ar an taobh deas den bhóthar. Tá an droichead ag an teach agus srutháinín ag rith síos chun na farraige, agus is ag béal na habhann sin atá na huaigheanna). Ní bhíodh de shochraide ann an uair sin ach an dream a bhíodh ag iompair an choirp, agus is ar reilig Chill Damhnait a bhíodh a n-aghaidh; ach ní bhídís ábalta iad a thabhairt níos faide gan chúnamh, agus chuiridís iad ag an droichead a raibh mé ag inseacht duit faoi.