1846 – 47 An Drochshaol in Acaill (An Gorta in Acaill) (1941)

Bhí húicéara ag m’athair agus chuaigh sé síos go Rathfarm (baile fearann in aice Chill Ealla i gCo. Mhuigheo) le haghaidh lucht fataí. D’ól sé luach na bhfataí, agus thit sé isteach le hoifigeach ghardaí cósta Rathfarm darbh ainm Lyons. D’fhan sé tí Lyons go bhfuair sé tuilleadh airgid as an mbaile le n-íoc as na fataí. Nuair a tháinig an t-airgead d’íoc sé an lucht fataí, agus tháinig sé abhaile timpeall Cheann Iorruis. Nuair a bhí sé i Rathfarm ní raibh aon mhóin san áit ach cipíní. An bhliain dar gcionn, chuaigh m’athair síos aríst le haghaidh lucht eile fataí, ach an uair seo thug sé húicéara eile leis i dteannta a chinn féin, agus ch’aon cheann acu luchtaithe le móin. Fuair sé an dá lucht fataí ar an dá lucht móna, agus tá mé cinnte gur thug sé roinnt mhaith do Lyons. Tamall ina dhiaidh sin cuireadh Lyons go hAcaill Beag áit a raibh stáisiún (stáisiún na ngardaí cósta) ag an am, agus nuair a casadh m’athair air phóg sé é, bhí sé chomh ceanúil sin air. Dar fia, bhíodar ina gcairde móra nó go bhfuair m’athair bás.

Sagairt Acla (1941)

Ba é an tAthair Ó Máille a bhí ina shagart paróiste in Acaill roimh an Ath. Michael. Bhí séiplíneach ag an Ath. Ó Máille darbh ainm an tAth. Malachy Monaghan, agus b’eisean a bhaist mé. B’as Baile an Tobair nó Páirtrí (dhá bhaile fearann timpeall 8 nó 9 de mhílte ó dheas de Chaisleán an Bharraigh) an tAth. Ó Máille. Athraíodh as Acaill é sar ar tháinig an tAth. Mick. Sílim gur i ngeall ar é a bheith sean a hathraíodh é; níl fhios agam cár cuireadh ansin é. Bhí an tAth. Malachy Monaghan tamall deas in Acaill tréis don Ath. Ó Máille imeacht. Nuair a d’fhág seisean tháinig an tAth. Henry ina áit, agus b’eisean a bhí ina shéiplíneach ag an Ath. Mick. An tAth. Pat O’Connor a tháinig ina shagart paróiste i ndiaidh an Ath. Mick, an tAth. Colleran ina dhiaidh sin, agus ansin an tAth. Campbell, atá ina shagart paróiste faoi láthair. Sin cúigear sagart paróiste le mo linnse, agus an tAth. Ó Máille, ach níl aon chuimhne agam airsean. Níl mé cinnte dena séiplínigh mar ní fhanaidís sin i bhfad. Tá an tAth. Mick curtha i gCill Damhnait i dteannta a mhuintire agus mo mhuintire, agus dá fhaide é ní i bhfad go mbeidh mise mé féin in éineacht leo. Bhásaigh sé in 1867 (2ú Meán Fhómhair 1867), agus bhí scór bliain caite aige ina shagart paróiste sar ar tháinig sé go hAcaill. Ní bhíodh ach séiplíneach amháin in Acaill ag an am sin, ach anois tá triúr ann i dteannta an tsagairt paróiste. Bhí sé crua ar dhá shagart freastal ar pharóiste mhór ar nós Acla; ní raibh ach dhá shéipéal sa bparóiste ag an am, ceann i gCill Damhnait, agus an ceann eile in Abhainn (baile ar an taobh thoir den Chaol ar Oileán Acla). Anois, tá sé shéipéal agus cheithre shagart sa bparóiste, agus ina dhiaidh sin caitheann siad aifreann a rá i scoiltreacha do bhailte atá ró-fhada ón séipéal.

An tAthair Mícheál Ó Gallchúir (An tAth. Mick) (1941)

Mar a dúirt mé cheana, ba é an tAthair Mick Gallagher m’uncail, agus ní raibh mé ach trí seachtainí d’aois nuair a tháinig sé go hAcaill mar shagart paróiste. Tháinig sé in 1847 tréis tamall a bheith caite aige in Turoc (timpeall 4 mhíle ó Chaisleán a’Bharraigh ar an mbóthar go Baile Mhearaigh) agus tamall eile in Oileán Éadaigh (atá idir Caisleán an Bharraigh agus Cathair na Mart). Is as Oileán Éadaigh a tháinig sé go hAcaill, agus chuir sé faoi i dteach beag sa gCaiseal (baile i lár Oileán Acla). Cuireadh caoi ar an teach agus bhí sé ina theach breá compóirteach ceanntuí ansin. Nuair a fuair na “jumpers” talamh an Chaisil b’éigean don tsagart imeacht, agus tháinig sé go Bréan Ascaill (baile beag timpeall 3 mhíle ó dheas de Ghob a’Choire ar an taobh thiar den sunda).
Ba i ndúiche Pike, tiarna talún agus seanathair an Uas. Pike atá ina chónaí timpeall leathmhíle siar ó Ghob a’Choire anois, a bhí Bréan Ascaill. Bhí cairdeas mór idir Pike agus an sagart thréis go mba Protastúnach é Pike. Chaith sé fear amach as a theach i mBréan Ascaill agus thug sé an teach don Ath. Mick, ach thóg sé teach don fhear a chuir sé amach. Go deimhin, bhí Pike an-fhlaithiúil le m’uncail (An tAth. Mick). Thug sé ocht n-acra talún dhó ag séipéal Chill Damhnait, agus chuir sé fál air. Tá sé le feiceáil inniu, tá sé ar an taobh ó dheas den tséipéal, agus tá sé roinnte in ocht straidhp anois. Má chomhaireann tú ocht straidhp síos ón séipéal tiocfaidh tú chuig díog aitinn. Ba talamh iad na hocht straidhp sin a thug Pike do m’uncail. Ba sár-mharcaíoch é an tAth. Mick agus bhíodh capall maith aige i gcónaí, Bhí capall glas aige uair amháin agus ba bhreá an beitheach é. Tá pictiúr den tsagart ag marcaíocht an chapaill ghlais thíos tí Phike fós (teach Pike, leathmhíle taobh thiar de Ghob a’Choire). Tá an teach ina raibh m’uncail ina chónaí ann le feiceáil fós thíos ag an gcladach i mBréan Ascaill. Is teach ceannslinne dhá stór atá anois ann, ach nuair a bhí m’uncail ina chónaí ann ní raibh ann ach teach ceanntuí. Scanlán atá ina chónaí anois ann.

Miceál a Mála”(Michael Gallagher) (1941)

Ba é an Michael Gallagher seo athair m’athar, agus ba é an tAthair Michael Gallagher a mhac agus deartháir m’athar. Tommy Gallagher a bhí ar m’athair. Bhí mo sheanathair an-mhaith as. Bhí húicéara aige agus bhíodh sé ag iascach an mhíol mhóir. Théadh sé go Tír Chonaill ag ceannacht stocaí agus dá ndíol, ach ní raibh tada le spáráil aige i dtosach. Lá amháin agus é ina fhear óg ar an gCorrán anseo, tháinig strainséara isteach agus dúirt sé gur theastaigh cúpla péire stocaí uaidh ach ná raibh aon airgead aige. Dúirt mo sheanathair leis “Ní aithním tú, bhfuil bannaí ar bith agat?” “Mac Dé” arsa an strainséara, agus uaidh sin amach bhí an t-airgead dá charnadh isteach ag m’athair, agus ní fhaca sé lá bocht ina dhiaidh sin gur cailleadh é. Nuair a bhí a mhac, an tAthair Michael i gColáiste Mhaigh Nuat, bhíodh lá sa mbliain a dtéadh na haithreacha ar cuairt chuig a mic sa gcoláiste. Bhíodh féasta mór acu agus is amhlaidh a bhailíodh na haithreacha luach an dinnéir eatarthu féin. Uair dá raibh mo sheanathair ag an dinnéar agus a tosnaíodh ar an airgead a bhailiú, sheas mo sheanathair suas agus dúirt sé “Ná bacaigí leis, glanfaidh mise an scór inniu”.

Scoláireacht an Ghallchóirigh (1941)

Fear de Challchóirigh Thír an Áir (baile fearann idir Maolraithnigh agus Baile Uí Fhiacháin a bhí ina shagart paróiste i Meiriceá, agus bhí go leor dá ghaolta as Baile Chruaiche agus Acaill ina gcónaí san áit chéanna, agus bhailíodar go leor airgid dó. Ba de mhuintir Campbell a mháthair. Bhí an t-airgead le caitheamh chun oideachas a chur ar Ghallchóirigh Acla, Bhaile Chruaiche agus Thír an Áir chun a bheith ina sagairt, agus aon airgead a bheadh fágtha le dhul go Tír Chonaill chuig sliocht na nGallchóirigh ansin. Fuair go leor dena Gallchóirigh – ach ní mba Gallchóirigh uilig iad; ba dena Gallchóirigh cuid dena máithreacha – an scoláireacht ach deamhan duine acu a chuaigh ina shagart. Ba mac garda as Baile Uí Fhiacháin an chéad duine ar déanadh sagart de as an scoláireacht, ach ní mba Gallchóireach eisean.

Tháinig an sagart a d’fhág an t-airgead ar cuairt ar Thír an Áir, agus chuaigh sé go hAcaill thrín gCorrán agus ar ais arís go Tír an Áir de shiúl a chos. Bhí sé chomh gortach agus nach gcaithfeadh sé pingin rua, agus ní haon ionadh go raibh airgead aige. Déanadh sagart den Ath. Gallagher seo am éigin tréis m’uncail (an tAth. Michael Gallagher) agus is tré mholadh an Ath. Michael a fuair sé an áit i Meiriceá. Chúns bhí sé sa mbaile ar saoire níor thug sé pingin rua dá chairde ná níor fhág sé tada acu ina úchta. Fuair roinnt mhaith de Ghallchóirigh Acla an scoláireacht, ach tharla rud éigin do chuile dhuine riamh acu roimh a n-oirdniú, agus ní raibh éinne acu ina sagart dá bharr. Caithfidh sé go bhfuil mallacht nó mí-ádh éigin air.

Tógáil na mhainistreach i mBun a’ Chorraigh (1941)

Is cuimhin liom nuair a tháinig na manaigh go Bun a’ Chorraigh (baile beag i lár Acla), agus is beag ná raibh sé ina throid nuair a bhíodar ag bailiú na gcloch don mhainistir. Ba ar thalamh Ghallchóir (úinéirí an tí ósta atá ar cíos ag Michael Lyons anois), os cionn an bhóthair ag an droichidín, a bhí na clocha bailithe lena dtabhairt síos go Bun a’ Chorraigh, an áit a rabhadar chun an mhainistir a thógáil. Tháinig muintir an Chaisil agus Bhun a’Chorraigh leis an manaigh a stopadh na clocha a thabhairt anuas. Nuair a chuala muintir an Chorráin an scéala tháinigeadar anuas faoina gcuid caiple agus asail agus cairteanna, chun na clocha a thabhairt síos do na manaigh.
Ba bhean ó thaobh an Chloch Mhóir, Grace Gallagher, a rug ar an gcéad chloch, agus ansin lean fear darbh ainm Patín í agus fear dena Nualláin. Ba de mhuintir an Ath. Gallagher í Grace Gallagher (féach sliocht ar an Ath. Gallagher). Nuair a chonaic muintir an Chaisil agus Bhun a’ Chorraigh go raibh muintir an Chorráin dháiríre, chuadar abhaile agus tógadh an mhainistir.
Bliain nó dhó thréis do m’uncail (An tAth. Michael Gallagher) a theacht go hAcaill a tógadh an mhainistir. Is san mbliain 1847 a tháinig an tAth. Gallagher go hAcaill. Bhí furmhór mhuintir Bhun a’ Chorraigh agus an Chaisil ina “soupers” ag an am, agus sin é an chúis ná raibh aon fháilte acu roimh an mainistir i mBun a’ Chorraigh. Ach ba Chaitlicigh dílse iad furmhór mhuintir an Chorráin, agus tháinigeadar chun cabhrú leis na manaigh. Thug an tEaspag ordú go mbeadh céad míle fáilte, fuíollach le n-ithe agus leaba na hoíche ag fear an Chorráin an t-achar agus a bheadh an mhainistir ann. Níl fhios agam an bhfuil sin amhlaidh i gcónaí mar tá an saol athraithe, agus ní bhíonn daoine ag taisteal fada de shiúl a gcos mar a bhíodh fadó.

Muilinn Bhéal Fearsad (1941)

Bhí ch’aon cheann acu in aice an tséipéil ar an taobh ó dheas, san áit a bhfuil na haibhneacha ag déanamh a mbealach go cladach. Ba le teallach dena Heverins as Iorrus (as Dubh Loch b’fhéidir, s.m) iad. Tá cuid dá sinsear i gcónaí i mBéal Fearsad fós, agus bhí duine dena fir pósta ag iníon Phatchacó. Ba le haghaidh meilt choirce ceann dena muilinn agus ní raibh sa gceann eile ach ceann beag le haghaidh ramhrú flainnín. Ba é ceann an choirce ba ghaire don tséipéal. Tá sé os cionn leathchéad bliain ó stop an ceann mór ach bhí an ceann beag ag obair suas go dtí timpeall scór bliain ó shin.

Patchacó (1941)

Bhí iníon Phatchacó pósta ag duine dena Heverins go mba leo an muileann, (bhí an muileann i mBéal Fearsad in aice na háite a bhfuil Teach an Phobail faoi láthair, agus tá Béal Fearsad gar do Ghob a’ Choire). Pat McNeela a bhí ar Phatchacó, agus b’as Tóin re Gaoith nó an Clagán (i mBaile Chruaiche Íochtair) é. Bhíodh sé leis an gCaiptín Ó Máille; bhí sé ina fhear farraige ní b’fhearr ná an Caiptín, ach ní raibh stiúradh an Chaiptín aige, agus is annamh a théadh an Caiptín chun farraige dá oireasa.

An tAthair Mícheál Ó Gallchóir

Sa mbliain 1847, bliain an ghorta, cuireadh an tAth. Mick i gceannas paróiste Acla. Bhí misiún Nangle i mbarr a réime. Bhí cáil oibre Mhick ar son a phobail sroichte go hAcaill, agus thosaigh Nangle agus a lucht leanúna dá chrá agus dá chiapadh ar chuile bhealach. Chuir an tAth. Mick faoi sa gCaiseal mar go m’shin é an áit b’fheiliúnaí dó chun freastal ar an bpobal, agus rinne Nangle chuile iarracht é a dhíbirt ach chinn air. Ní raibh aige le déanamh ach an áit a cheannacht ó O’Donnelly Bhaile Uí Fhiacháin, agus ansin d’éirigh leis an sagart a chur as seilbh. B’éigean dó imeacht as an gCaiseal agus chuir sé faoi i dTeach an Mháma. Ach fiú amháin ansin féin lean na ciapadóirí é, agus briseadh anuas an staighre agus an sagart inairde an tí. Ghoill na bealaí cama Nangle fiú amháin ar dhaoine áithrid i gChumann Protastúnach Acla, agus thug William Pike as Doire an Rí píosa beag talúna don tsagart i mBréan Ascaill chun tógáil air.
Dála Oileán Éadaigh, níor spáráil an tAth. Mick é féin, d’oibrigh sé luath agus mall ar son a phobail. Go deimhin féin, déanadh cláiríneach de tráth a raibh sé ag freastal ar dhuine dá phobal. Chaith an capall é agus é ar a bhealach chun an Ola Dheireannach a chur ar fhear a bhí ag fáil bháis i mBaile an Ghleanna sa gCorrán, agus briseadh a ghlúin. Ón lá sin amach, b’éigean dó dhá mhaide a bheith aige. Ar ócáid eile, glaodh go Dubh Éige air ag a haon a’ chlog ar maidin chun freastal ar fhear bhí ag fáil bháis, agus de bhrí nach raibh aon bhóthar go Dubh Éige ag an am d’iarr sé ar shean-Mhaitiú Heaney é a thionlacan. Ach nuair a bhíodar imithe chun bealaigh, tháinig dream eile ar a lorg chun freastal ar dhuine tinn i Maigh Mhuilinn sa gCorrán, agus sar ar chasadar-san abhaile dúradar le cailín an tsagairt go lasfaí tine i Maigh Mhuilinn dá mbeadh géar-ghá leis an sagart an oíche sin.
Nuair a d’fhill an sagart agus Maitiú as Dubh Éige bhí an tine le feiceáil i Maigh Mhuilinn, agus nuair a hinsíodh a brí don tsagart ní dhearna sé ach an capall a shrathrú agus imeacht ar cosa in airde go Gob na Fearta trasna ó Mhaigh Mhuilinn. Thug sé aghaidh an chapaill sa taoille, agus shnámh sé é trasna an leathmhíle farraige gur tháinig sé i dtír ar Ghob na nAistrí. Bhí sé díreach in am leis an Ola Dheireannach a chur ar an bhfear a bhí ag séaladh. Is mór an seans dá dtéadh sé bóthar Bhéal Fearsad a bhí níos sábháilte ach níos faide, go mbeadh an t-othar séalaithe gan an Ola Dheireannach.
Ba shin é an tAthair Mick Gallagher, ceann dena daoine ba chlúitigh in Acaill, nár spáráil é féin lá ná oíche ar son a phobail, agus dála an Chruthaitheora, go mba é a shearbhónta dílis é, ní raibh fabhar aige leis an saibhir thar an daibhir. Ba le dea-chroí ba mó a shaothraigh an tAth. Ó Gallachóir dá phobal, mar go rabhadar beo bocht, agus gur beag an tuarastal a bhíodar i ndon a íoc. Ní raibh ach £5 i dtuarastal na bliana ar fad in Acaill Uachtair uair amháin, agus murach acmhainn a athar ní mhairfeadh an sagart dúthrachtach ar an Soiscéal. Uair eile, ní raibh ach 15/- i mbailiúchán na Cásca ar Acaill Íochtair, agus thug sé an bailiúchán iomlán d’fhear bocht le fóirithint ar a mhuirín.
An t-achar agus a bhí sé ina chónaí i mBréan Ascaill, d’fhostaíodh sé beirt fhear chuile earrach chun a phaiste beag talún a chur. Ba chuid dá ndualgas a dhul sa gcladach agus feamainn a bhaint ar na carraigreacha chun leasú a chur ar na fataí. Earrach amháin, thug na fir a bhí ag obair don Ath. Mick bád leo chomh fada leis an gcladach taobh thiar d’áras Chormaic ar an gCorrán. Ba é Cormac an tiarna talún, agus d’fhág duine dena fir an bád chun feamainn a bhaint ar mhullán báite. Dúirt Cormac go mba leis féin an mullán agus an fheamainn a bhí air, agus chuir sé an dlí ar an Ath. Mick de bharr bradaíle agus damáiste. Dhealródh sé go mb’aisteach an beart le déanamh ag tiarna talún Caitliceach é seo, ach bhí an tAth. Mick go láidir in aghaidh tiarnas talún, agus b’fhada le Cormac go mbainfeadh sé a shásamh amach. Dála cúis eile a tugadh in aghaidh an Ath. Mick, bhí an cás ag gabháil ó chúirt go cúirt go dtí go raibh cúpla céad punt cosnaithe aige sa deireadh, agus tréis gur ofráil Cormac an cás a réiteach ar shuim bheag, ní ghlacfadh an tAth. Mick, a cheap gur aige féin a bhí an ceart, lena réiteach, agus sa deireadh thiar caitheadh an cás amach. Dá bhrí sin, chaith an tAth. Mick a chostais dlí féin a íoc, agus aríst ar ais sén t-athair a tháinig i gcabhair air, ach fén am go raibh na fiacha íoctha bhí an sparán an athar spíonta.
Bhásaigh an tAth. Mick Gallagher go réasúnta óg, gan aige ach an trí scór bliain, ach bhí a chuid blianta ar an misiún an-chrua, agus mharaigh sé é féin ar son an phobail. Dar ndóigh, bhris sé caipín a ghlúnach le linn dó a bheith ag freastal ar othar, agus de bharr droch-aire, agus gan é ag tabhairt aon deis di feabhsú ceart, tháinig sí roimhe go mór sna blianta deireannacha.
Ar an 2ú lá de Mhí Mheán Fhómhair 1867 bhásaigh an tAthair Mick Gallagher. Nuair a shroich an scéala an pobal, tháinigeadar ina sluaite; ó Dhubh Eacha go Corrán, ó Acaill Beag go Tóin re Gaoith, chun a n-omós dá sagart dílis a thaispeáint, agus chun suaimhneas síoraí dá anam a éileamh ar Dhia ina dteanga dhúchais Ghaeilge. Sar ar bhásaigh sé, chuir sé a mhian gur i dteannta a athar agus a dhearthár i gCill Damhnait a chuirfí é, ar pháipéar. Ar lá na sochraide rinne an Ath. Richard Prendergast iarracht é a chur i dTeach Pobail Chill Damhnait, ach chuir William Pike ina choinne, agus ní raibh aon mhaith aige ann go gcomhlíonfaí téarmaí an úchta. Cuireadh an tAth. Mick sa gcré i sean-reilig Chill Damhnait i dteannta a athar agus a dhearthár.

Iascairí an Chorráin (© An Mayo News)

Ar an 14ú Nollaig seo caite, thóg Fórsaí Shaorstáit Éireann báid iascaigh iascairí an Chorráin, Acaill, agus tugadh go Céibh Chathair na Mart iad, áit a bhfuileadar coinnithe ó shin. Tá sé cloiste againn go bhfuil na hiascairí sin a bhfuil cosc orthu a mbeatha a shaothrú ar anchaoi, agus go bhfuil Comhairleoir Ceantair Theach na mBocht Chathair na Mart chun fóirithint a lorg dóibh. Breathnaíonn sé aisteach go mbeadh na báid coinnithe chomh fada sin. Is i léig atá siad ag dul ceangailte i gCéibh Chathair na Mart, agus is mór an seans nach fiú tráithnín cuid dena báid sin anois. Tá súil againn go dtabharfaidh siadsan a bhfuil an cumhacht acu aird ar an scéal seo. Is uafásach an chailliúint dena hiascairí bochta seo a gcuid bád a bheith tógtha le linn séasúr iascaigh an troisc.

Sin tuairisc a tógadh ón Mayo News, 10ú Márta 1923. Fuair muid amach gur thóg Arm an Saorstáit nó na Dubhchrónnaigh ocht mbád ón gClochán, agus tá cuimhne ag roinnt seandaoine ar an lá sin, agus a bheith ag breathnú ar na báid ag dul soir go Cathair na Mart, ceann i ndiaidh an chinn eile. Siad na báid a tógadh ná bád Mhícheál Sheáin, Mhícheál Jim, Mhícheál an Táilliúra, Phat Liam, Pheaits Mór, James Mhaud, Phat Mhícheáil. Tugadh na báid ar ais agus híocadh £8 cúiteamh leis na hiascairí.