“Scoltracha Anraith” sa gCorrán (1941)

Bhí dhá “scoil anraith” anseo sa gCorrán, ceann acu dhá straidhp siar ón teach a bhfuil an garraí gabhann ann anois. Tá an garraí gabhann ar láthair an tseantí scoile. Ní raibh ann ach teach beag ceanntuí. Ba é sean-Phat Sweeney an múinteoir. Sé Pat Sweeney i nGob a’Choire a mhac. D’iompaigh sean-Phat, an múinteoir, ina Chaitliceach agus phós sé cailín darbh ainm Mary McCann. Ní mórán scoláirí a bhí ag dul chun na scoil aon uair agus ní i bhfad a sheas sí. D’fhág sean-Phat Sweeney agus chuaigh anonn go Cill Damhnait agus bhí sé ag múineadh ansin ar feadh tamaill. Ansin tháinig múinteoir eile darbh ainm Cafferkey as Baile Chruaiche chun na scoile anseo ach níor fhan sé i bhfad. Níor thaitnigh sé leis na daoine agus ar aon nós is beag scoile a dhéanaidis. D’imigh Cafferkey agus chuaigh sé go Maoilín (baile fearann ó thuaidh do Dhubh Éige ar an taobh ó dheas d’Oileán Acla). Bhí Cafferkey ag múineadh ansin i Maoilín ar feadh i bhfad ina dhiaidh sin. Tá cuid dá shliocht ansin i gcónaí agus is “jumpers” iad i gcónaí. Bhí “scoil anraith” eile ar chúl tí Ghallchóir in aice na háite a gcasann bóthar Pholl a’ Chnoic agus an bóthar seo go Gob a’ Choire ar a chéile. Bhí an tseanscoil sa gcoirnéal san áit a gcasann an dá bhóthar ar a chéile. Tá lorg na seanscoile le feiceáil fós ar thaobh do láimhe deise nuair a chasann tú anonn ó bhóthar Ghob a’ Choire. Níor sheas an scoil sin i bhfad chor ar bith. Ní raibh ach múinteoir amháin ariamh inti. Ba fear dena Floinn (s.m.) as Baile Uí Fhiacháin a bhí ina mháistir inti, ach ní raibh sé i bhfad inti nuair a fuair fear darbh ainm Ryan as Baile Uí Fhiacháin léas ar thalamh na scoile, agus ceann dena chéad bhearta a rinne sé nuair a fuair sé an talamh ná an scoil a leagan, agus chaith Flynn, an máistir, imeacht. Bóithrín Ryan a ghlaoitear ar an mbóthar atá ag dul go Poll a’ Chnoic ón mbóthar seo (an bóthar go Gob a’ Choire ón gCorrán), i ndiaidh an Ryan a raibh an talamh aige agus a leag an scoil.
Ní mórán greama a fuair na “soupers” anseo sa gCorrán. Ba chaitlicigh na tiarnaí talún uile ag an am, agus ní cheadaidís aon scoil ar a gcuid talúna muna mbeadh sí ar chimín nó áit éigin mar sin. Ach thíos san Oileán (Oileán Acla) bhí na “soupers” an-láidir agus bhí scoltracha, séipéil, ministéirí agus léitheoirí bíobla acu. Ba é Nangle an fear ceannais agus bhí coláiste acu i Maoilín, Coláiste na Tríonóide. Ba sa gcoláiste sin a d’oilidís a gcuid ministéirí agus léitheoirí an bhíobla. Cuireadh na buachaillí do b’fhearr agus do b’éirimiúla a bhíodh ag dul ag na scolteacha anraith chuig “Coláiste na Tríonóide” i Maoilín, áit a ndearna siad ministéirí agus léitheoirí bíobla díobh. Ansin chuaigh cuid acu go Sasana agus níor fhilleadar ariamh, agus d’fhan cuid eile sa mbaile in Acaill ag craobhscaoileadh do na “jumpers”.
Bhí páipéar ag Nangle, páipéar nuachta, an Achill Herald. Bhíodh sé dá chló sa gColony (baile faoi bhun Shliabh Mór ar an taobh thoir aduaidh. Fuair an baile an t-ainm ó chomhluadar protastúnach a lonnaíodh ansin in aimsir Nangle, timpeall 1836 nó mar sin, s.m.). Chuala mé ná raibh ann ach páipéar beag; ní fhaca mé riamh é, ach chuala mé gur fear darbh ainm Daly a bhíodh dá phriondáil. Bhí inneall acu chun é a phriondáil cosúil le chuile pháipéar. Uair sa mí, sílim, a thagadh sé amach. Ba áit mhór é Coláiste na Tríonóide i Maoilín, agus i dteannta leis an gcoláiste, bhí séipéal mór ann, agus tithe a gcodlaíodh na scoláirí iontu. Bhí feilm mhór ann freisin agus d’oibríodh na scoláirí ar an bhfeilm. Tá na fothraigh le feiceáil fós ann sílim.