Smugláil (1941)

Ba smuglálaí é m’uncail Maitiú, agus thugadh sé tabac, fíon agus earraí eile ó Flush. Bhíodh sé leis an gCaiptín Ó Máille amannta, agus amannta eile le Páidín Bán ‘ac Cormaic. B’íontach an smuglálaí é Páidín, agus bhí bád dá chuid féin aige, agus bhíodh fear darbh ainm Leneghan as Baile Chruaiche, colceathrar mo mháthar, agus fear dena McNeela, in éineacht leis. Sílim go mba as Tóin re Gaoith (baile fearann idir Maolraithnigh agus Gob a’ Choire) nó as an gClagán i mBaile Chruaiche é. Ba as Cnoc Maoilín i mBaile Chruaiche é Páidín féin, agus bhí gaol aige le mo mháthair. D’fholmhaidís an bád ag Tóin na nDúmacha (áit sa gCorrán) amannta, agus thugaidís an t-ábhar ar dhroim capaill as sin go Baile Uí Fhiacháin agus amach faoin tír. Bhíodh seanfhir ag tabhairt céad meáchain de thabac ar a ndroim ó Thóin na nDúmacha go Baile Uí Fhiacháin san oíche; chonaic mé féin na fir agus bhí mé ag caint leo. (Tá sé timpeall 14 míle ó Thóin na nDúmacha go Baile Uí Fhiacháin, s.m). Báthadh Páidín Bán é féin. Ba fhear breá láidir ard é Páidín agus chaitheadh sé brógaí de leathar na Spáinne suas go glúine. Cumadh amhrán faoi Pháidín; chuala mé go minic i mBaile Chruaiche é.

Muintir Mhícheáil Uí Ghallchóir (1941)

Michael Gallagher a b’ainm do mo shin-seanathair, agus mhair sé sa gCorráin, in Aird (baile beag sa gCorrán). Bhí mac aige darbh ainm Michael, agus b’shin é mo sheanathair. Bhí triúr mac agus iníon amháin sa mbaile ag mo sheanathair, Maitiú, Michael agus Tommy ar na mic, agus Alice a bhí ar an iníon. Phós sí fear dena Giobúin ó taobh amuigh de Bhaile Uí Fhiacháin. Leneghan do b’ainm do mo mháthair, duine de Leneghan Bhaile Chruaiche, agus Tommy a bhí ar m’athair. Bhí áit ag mo sheanathair i mBaile Uí Fhiacháin, agus ba é an chéad teach ceannslinne a tógadh ar an mbaile é. Bhí sé ar an bpríomhshráid ar thaobh na láimhe deise ag dul isteach as seo. Bhí siopa aige, i dteannta na dtriúr uncail agus an t-aon aint a bhí agam sa mbaile. Bhí beirt uncail agam a chuaigh go Meiriceá; ní fhaca mé riamh iad. Bhí beirt aint agam i Meiriceá freisin ach tháinig siadsan abhaile agus phósadar. Phós an bheirt acu beirt de mhuintir Henry as Iorrus; phós Alice Pat Henry agus phós Sarah Dominic Henry; colceathracha a bhí sa mbeirt fhear. Fuair Maitiú, m’uncail ba shine, áit mo sheanathar i mBaile Uí Fhiacháin; ba smuglálaí é agus théadh sé go Flush chun tabac agus nithe eile a fháil, agus dhíoladh sé amuigh anseo agus i mBaile Uí Fhiacháin iad. Báthadh é ag teacht abhaile as Flush. Ba colceathrar do mo mháthair Páidín Bán ‘ac Cormaic.

Scoltracha Náisiúnta (1941)

Is cuimhin liom nuair a déanadh an tseanscoil (an tseanscoil náisiúnta). Tá ballaí na seanscoile le feiceáil fós ar chúl an tí scoile (Scoil Náisiúnta an Chorráin faoi láthair). Sar ar déanadh aon teach scoile sa gCorrán bhí máistir as Baile Uí Fhiacháin darbh ainm Flynn ag dul timpeall ar chuid de thithe an Chorráin ag múineadh a gcuid páistí. Ba é an Flynn seo a bhí ag múineadh m’uncail, an tAth. Mick. Ní raibh ach cúpla muirín a théadh chuig an scoil chuige; na Gallchóir, na Máille agus na Mac Pháidíní ba mó. Go deimhin, ní raibh aon scoil aige ach ag dul ó theach go teach, nó aon áit a ngeobhadh sé stábla chun na scoláirí a thabhairt isteach ann. Níorbh é seo an Flynn a raibh mé ag inseacht dhuit faoi cheana a bhí sa scoil anraith, ach duine eile den ainm céanna. Ní raibh mórán eolais agam ar na scoltracha nó na máistrí ar an taobh seo den chuisle, mar ba ar an taobh eile (an taobh thiar den chuisle) i gCill Damhnait a chuaigh mé ar scoil. Donnellan an t-ainm a bhí ar ár múinteoir ach níl fhios agam cérbh as dó. Nuair a d’fhág sé Cill Damhnait chuaigh sé go Baile Chruaiche. Bhíodh sclátaí slinne, againn agus sean-sliogáin chríonta ón gcladach mar phinnluaidhe amannta. Ní raibh scláta ag chuile dhuine. Bhíodh scláta mór crochta ar an mballa ag an máistir.
Ba é Pike, an tiarna talún a bhí ina bhainisteoir ar an scoil, agus bhíodh sé ag cur máistrí isteach agus amach de réir mar ba mhian leis. Ní cuimhin liom ainm éinne acu ach Donnellan mar is gearr a d’fhágtaí ann iad; is mná is mó a thagadh. D’fhaigheadh cuid acu aon scilling déag sa tseachtain, cuid eile níos mó agus cuid eile níos lú, sílim. Níl fhios agam cé bhíodh dá n-íoc. Is san áit a bhfuil an scoil anois a bhí an scoil a ndeacha mise aici i gCill Damhnait (S.N. an Doirín). Níor fhoghlaim muid aon Ghaeilge riamh sa scoil, ach bhíodh an máistir ag labhairt Gaeilge, agus níor stop sé éinne óna labhairt. Gaeilge a labhraíodh muid i gcónaí thairis sin. Níor chuala mé riamh faoin mbata scóir ná tada mar sin. Bhíodh muid ag foghlaim léamh, scríobh agus uimhríocht sa scoil.

Buaileacht sa gCorrán (1941?)

Timpeall seasca bliain ó shin théadh daoine ón gCorrán suas ar an gCoire (gleann ar chnoc an Chorráin ar an taobh thoir den Chorrán) ag buaileacht. Bhí botháin bheaga acu ansin, agus oíche amháin d’fhág na mná ar fad ach bean amháin an Coire, agus tháinigeadar abhaile leis an mbainne agus leis an im. Théadh na daoine suas leis an eallach i dtús an Mheithimh, suas ar an gCoire. Siad na mná agus na girsigh a théadh suas, ach théadh na fir suas freisin muna raibh aon bhean sa teach. Bhíodh féar breá ar an gCoire i mí Mheithimh agus Iúil, agus bhíodh ordú ar an eallach chúns bhídís thuas, agus bhíodh a shliocht orthu go cheann bliana aríst.

Baile Na h- Ailte (1941?)

Is cuimhneach liom nuair a bhí suas le trí scór teallach in Ailte, ach chuir Pike amach ar an mbóthar iad, Ba é Pike an tiarna talún, William Pike a b’ainm dó. Theastaigh an talamh le haghaidh féarach uaidh agus chaith sé na daoine amach. Ba bhaile mór é agus sráideanna ann ar nós cathrach. Bhí chuile chúig nó sé, nó níos mó dena tithe greamaithe dá chéile, mar a d’fheicfeá i gcathair. Ní raibh iontu ach tithe beaga.

“Scoltracha Anraith” sa gCorrán (1941)

Bhí dhá “scoil anraith” anseo sa gCorrán, ceann acu dhá straidhp siar ón teach a bhfuil an garraí gabhann ann anois. Tá an garraí gabhann ar láthair an tseantí scoile. Ní raibh ann ach teach beag ceanntuí. Ba é sean-Phat Sweeney an múinteoir. Sé Pat Sweeney i nGob a’Choire a mhac. D’iompaigh sean-Phat, an múinteoir, ina Chaitliceach agus phós sé cailín darbh ainm Mary McCann. Ní mórán scoláirí a bhí ag dul chun na scoil aon uair agus ní i bhfad a sheas sí. D’fhág sean-Phat Sweeney agus chuaigh anonn go Cill Damhnait agus bhí sé ag múineadh ansin ar feadh tamaill. Ansin tháinig múinteoir eile darbh ainm Cafferkey as Baile Chruaiche chun na scoile anseo ach níor fhan sé i bhfad. Níor thaitnigh sé leis na daoine agus ar aon nós is beag scoile a dhéanaidis. D’imigh Cafferkey agus chuaigh sé go Maoilín (baile fearann ó thuaidh do Dhubh Éige ar an taobh ó dheas d’Oileán Acla). Bhí Cafferkey ag múineadh ansin i Maoilín ar feadh i bhfad ina dhiaidh sin. Tá cuid dá shliocht ansin i gcónaí agus is “jumpers” iad i gcónaí. Bhí “scoil anraith” eile ar chúl tí Ghallchóir in aice na háite a gcasann bóthar Pholl a’ Chnoic agus an bóthar seo go Gob a’ Choire ar a chéile. Bhí an tseanscoil sa gcoirnéal san áit a gcasann an dá bhóthar ar a chéile. Tá lorg na seanscoile le feiceáil fós ar thaobh do láimhe deise nuair a chasann tú anonn ó bhóthar Ghob a’ Choire. Níor sheas an scoil sin i bhfad chor ar bith. Ní raibh ach múinteoir amháin ariamh inti. Ba fear dena Floinn (s.m.) as Baile Uí Fhiacháin a bhí ina mháistir inti, ach ní raibh sé i bhfad inti nuair a fuair fear darbh ainm Ryan as Baile Uí Fhiacháin léas ar thalamh na scoile, agus ceann dena chéad bhearta a rinne sé nuair a fuair sé an talamh ná an scoil a leagan, agus chaith Flynn, an máistir, imeacht. Bóithrín Ryan a ghlaoitear ar an mbóthar atá ag dul go Poll a’ Chnoic ón mbóthar seo (an bóthar go Gob a’ Choire ón gCorrán), i ndiaidh an Ryan a raibh an talamh aige agus a leag an scoil.
Ní mórán greama a fuair na “soupers” anseo sa gCorrán. Ba chaitlicigh na tiarnaí talún uile ag an am, agus ní cheadaidís aon scoil ar a gcuid talúna muna mbeadh sí ar chimín nó áit éigin mar sin. Ach thíos san Oileán (Oileán Acla) bhí na “soupers” an-láidir agus bhí scoltracha, séipéil, ministéirí agus léitheoirí bíobla acu. Ba é Nangle an fear ceannais agus bhí coláiste acu i Maoilín, Coláiste na Tríonóide. Ba sa gcoláiste sin a d’oilidís a gcuid ministéirí agus léitheoirí an bhíobla. Cuireadh na buachaillí do b’fhearr agus do b’éirimiúla a bhíodh ag dul ag na scolteacha anraith chuig “Coláiste na Tríonóide” i Maoilín, áit a ndearna siad ministéirí agus léitheoirí bíobla díobh. Ansin chuaigh cuid acu go Sasana agus níor fhilleadar ariamh, agus d’fhan cuid eile sa mbaile in Acaill ag craobhscaoileadh do na “jumpers”.
Bhí páipéar ag Nangle, páipéar nuachta, an Achill Herald. Bhíodh sé dá chló sa gColony (baile faoi bhun Shliabh Mór ar an taobh thoir aduaidh. Fuair an baile an t-ainm ó chomhluadar protastúnach a lonnaíodh ansin in aimsir Nangle, timpeall 1836 nó mar sin, s.m.). Chuala mé ná raibh ann ach páipéar beag; ní fhaca mé riamh é, ach chuala mé gur fear darbh ainm Daly a bhíodh dá phriondáil. Bhí inneall acu chun é a phriondáil cosúil le chuile pháipéar. Uair sa mí, sílim, a thagadh sé amach. Ba áit mhór é Coláiste na Tríonóide i Maoilín, agus i dteannta leis an gcoláiste, bhí séipéal mór ann, agus tithe a gcodlaíodh na scoláirí iontu. Bhí feilm mhór ann freisin agus d’oibríodh na scoláirí ar an bhfeilm. Tá na fothraigh le feiceáil fós ann sílim.

An Chéad Traein go hAcaill (1941)

Ba shin é an t-am a raibh siad ag déanamh an bhóthair iarainn ó Chathair na Mart go hAcaill, agus dá bhféadfadh na daoine fanacht tamaillín eile d’fhéadfaidís a dhul ar an traein, ach níor fhéad siad fanacht. Ní raibh ach píosa beag le críochnú sar a dtiocfadh an traein go hAcaill. Nuair a bhí na cónraí dá dtabhairt abhaile go hAcaill, críochnaíodh an píosín ar chaoi éigin chun an traein a iompar, agus b’shin í an chéad traein a tháinig go hAcaill agus ualach marbháin ina teannta. Bhí sé sin sa tairngreacht, agus bhí sé sa tairngreacht go mbeadh ualach marbháin leis an traein dheiridh a thiocfadh freisin. Tharla sé sin freisin nuair a dóthadh deichniúr fear as Acaill i mbothán in Albain (i Kirkintilloch, Meán Fómhair 1937). B’shin é an t-am a rabhadar ag baint aníos an ráille ó Acaill go Cathair na Mart, agus nuair a bhí na deich gcOnra ag teacht abhaile, cuireadh traein speisialta ó Bhaile Átha Cliath leo, agus b’shin í an traein dheiridh a tháinig go Gob a’Choire. Anois, nach deacair a dhul thar an tairngreacht. (Ba í an traein speisialta dheiridh a thug na conraí go Gob a’Choire, ach bhí na gnáth-thraentacha ag rith ar feadh seachtaine nó mar sin ina diaidh, s.m).

An Fear a bhí ag Iompar an Choirp (1941)

Chonaic mé le mo dhá shúil féin, buíochas le Dia, fear ag teacht anall as Dubh Éige (baile ar chósta theas Oileán Acla, timpeall leathbealaigh idir Aill Cac a’ Mhionáin agus Béal na gCliath), agus corp ar a dhroim aige. Bhí eiris dá lámh ar an gcorp. Ní raibh aon chónra ar an gcorp ach an t-éadach ar bhásaigh sé ann. Nuair a bhí sé ag dul thar an teach – bhí mé féin, mo mháthair agus mo dheirfiúr ag breathnú amach – chuir mo mháthair mo dheirfiúr ag tabhairt cúnamh den fhear cosa an duine mhairbh a choinneáil suas; bhíodar ag scuabadh na talún. Bhí sé ar a bhealach go reilig Chill Damhnaith leis an bhfear a chur. Chuaigh mo dheirfiúr, go ndéanfaidh Dia trócaire orthu, orthu uile, amach agus thug sí cúnamh dó leis an gcorp. Bhí sí timpeall hocht mbliana níos sine ná mise. Bhí mise timpeall deich nó haondhéag de bhlianta ag an am. D’iompair sé an corp sin chúig mhíle gaelach, agus ba hachrannach an bóthar a bhí le siúl aige. Tháinig sé anall trí Aisléim (baile idir Cill Damhnait agus Dubh Éige) agus anuas anseo ar bhóthar na reilige. Sén t-ainm atá ar an mbóthar a thaistil sé ná Bealach na hAisléime go Dubh Éige. Is le linn an drochshaoil a déanadh an bóthar sin, agus bhí mise i mo ghasúr ag obair air ar phingin sa ló, agus amannta ní bhfaigheadh muid tada, agus amannta eile d’fhaigheadh muid máimín min bhuí.
Chonaic mé fear eile as Dubh Éige le corp (corp a athar) ceangailte de dhréimire, agus an dréimire ar dhroim an fhir ar a bhealach go reilig Chill Damhnait. Tá a lán daoine ó Dhubh Éige curtha ag an droichead ag tí Hughey hIudóige thíos ag an gcladach (tá tí hIúdóige timpeall 80 nó 100 slat ar thaobh Ghob a’Choire de shéipéal Chill Damhnait, ar an taobh deas den bhóthar. Tá an droichead ag an teach agus srutháinín ag rith síos chun na farraige, agus is ag béal na habhann sin atá na huaigheanna). Ní bhíodh de shochraide ann an uair sin ach an dream a bhíodh ag iompair an choirp, agus is ar reilig Chill Damhnait a bhíodh a n-aghaidh; ach ní bhídís ábalta iad a thabhairt níos faide gan chúnamh, agus chuiridís iad ag an droichead a raibh mé ag inseacht duit faoi.

1846 – 47 An Drochshaol in Acaill (An Gorta in Acaill) (1941)

Bhí húicéara ag m’athair agus chuaigh sé síos go Rathfarm (baile fearann in aice Chill Ealla i gCo. Mhuigheo) le haghaidh lucht fataí. D’ól sé luach na bhfataí, agus thit sé isteach le hoifigeach ghardaí cósta Rathfarm darbh ainm Lyons. D’fhan sé tí Lyons go bhfuair sé tuilleadh airgid as an mbaile le n-íoc as na fataí. Nuair a tháinig an t-airgead d’íoc sé an lucht fataí, agus tháinig sé abhaile timpeall Cheann Iorruis. Nuair a bhí sé i Rathfarm ní raibh aon mhóin san áit ach cipíní. An bhliain dar gcionn, chuaigh m’athair síos aríst le haghaidh lucht eile fataí, ach an uair seo thug sé húicéara eile leis i dteannta a chinn féin, agus ch’aon cheann acu luchtaithe le móin. Fuair sé an dá lucht fataí ar an dá lucht móna, agus tá mé cinnte gur thug sé roinnt mhaith do Lyons. Tamall ina dhiaidh sin cuireadh Lyons go hAcaill Beag áit a raibh stáisiún (stáisiún na ngardaí cósta) ag an am, agus nuair a casadh m’athair air phóg sé é, bhí sé chomh ceanúil sin air. Dar fia, bhíodar ina gcairde móra nó go bhfuair m’athair bás.

Sagairt Acla (1941)

Ba é an tAthair Ó Máille a bhí ina shagart paróiste in Acaill roimh an Ath. Michael. Bhí séiplíneach ag an Ath. Ó Máille darbh ainm an tAth. Malachy Monaghan, agus b’eisean a bhaist mé. B’as Baile an Tobair nó Páirtrí (dhá bhaile fearann timpeall 8 nó 9 de mhílte ó dheas de Chaisleán an Bharraigh) an tAth. Ó Máille. Athraíodh as Acaill é sar ar tháinig an tAth. Mick. Sílim gur i ngeall ar é a bheith sean a hathraíodh é; níl fhios agam cár cuireadh ansin é. Bhí an tAth. Malachy Monaghan tamall deas in Acaill tréis don Ath. Ó Máille imeacht. Nuair a d’fhág seisean tháinig an tAth. Henry ina áit, agus b’eisean a bhí ina shéiplíneach ag an Ath. Mick. An tAth. Pat O’Connor a tháinig ina shagart paróiste i ndiaidh an Ath. Mick, an tAth. Colleran ina dhiaidh sin, agus ansin an tAth. Campbell, atá ina shagart paróiste faoi láthair. Sin cúigear sagart paróiste le mo linnse, agus an tAth. Ó Máille, ach níl aon chuimhne agam airsean. Níl mé cinnte dena séiplínigh mar ní fhanaidís sin i bhfad. Tá an tAth. Mick curtha i gCill Damhnait i dteannta a mhuintire agus mo mhuintire, agus dá fhaide é ní i bhfad go mbeidh mise mé féin in éineacht leo. Bhásaigh sé in 1867 (2ú Meán Fhómhair 1867), agus bhí scór bliain caite aige ina shagart paróiste sar ar tháinig sé go hAcaill. Ní bhíodh ach séiplíneach amháin in Acaill ag an am sin, ach anois tá triúr ann i dteannta an tsagairt paróiste. Bhí sé crua ar dhá shagart freastal ar pharóiste mhór ar nós Acla; ní raibh ach dhá shéipéal sa bparóiste ag an am, ceann i gCill Damhnait, agus an ceann eile in Abhainn (baile ar an taobh thoir den Chaol ar Oileán Acla). Anois, tá sé shéipéal agus cheithre shagart sa bparóiste, agus ina dhiaidh sin caitheann siad aifreann a rá i scoiltreacha do bhailte atá ró-fhada ón séipéal.