Caitheamh aimsire san oíche

Cniotáil agus sníomh a chaitheadh an oíche. Cheannaití an olann i scáinní móra, díol dhá gheansaí. Choinníodh na fir na scáinní go ndéantaí ceirtlín díobh. Leacracha a bhí in urláir na dtithe; chuireadh na mná cheithre phionna síos i gcearnóg le haghaidh an dlú agus an inneach. Brístí flainnín a chaitheadh na fir; ní raibh acu ach aon phéire amháin agus nuair a bhíodh an péire sin caite d’fhaighidís péire eile. Thagadh daoine ó chuile pháirt d’Acaill agus ó áiteacha eile chun an bréidín a ramhrú. Bhí cloch mhillte ann freisin; ba chun an coirce a mhillt a bhí sí. San oíche a déantaí é seo agus thugtaí do na daoine é in aimsir an drochshaoil. Sén fáth go ndéantaí san oíche é ná nach raibh cead ag Caitlicigh beatha a fháil. Dá ngeobhfadh na Sasanaigh amach é chaithfí amach as a gcuid tithe iad. Sin é an fáth go bhfuil an talamh mar atá sé anois; píosa anseo agus píosa ansiúd. Caitheadh roinnt teallaigh amach agus díbríodh go Béal a’ Mhuirthid iad, agus thug sean-Phat Sweeney ar ais aríst iad. D’fhanaidís i dteach comharsa go bhfaighidís a n-áit féin. D’itheadh na daoine féar dá mbeadh fanacht fada orthu leis an mbád a thagadh le bia. Pat McNeela ón Doirín a bhí ina mháistir ar an mbád; ba foghlaí mara é. Cailleadh roinnt daoine ar an gcladach i mBéal Fearsad agus cuireadh ansin iad. Tá na leachtaí ansin ag marcáil na n-uaigheanna. Rinne na deartháireacha Heffernan cónraí le haghaidh cuid dena daoine a bhásaigh de bharr an ghorta. Cuirtear comhairle ar dhaoine gan a dhul chuig an gcladach san oíche.