Turas na Cruiche.

Sin aithrí a chuirtí ar fhear dá ngeobhadh sé cailín isteach i dtrioblóid (torthach). Chaithfeadh sé a dhul timpeall an tséipéil ar bharr Chruach Phádraig ag lámhacán méid áithrid uaireanta, agus an paidrín a rá méid áithrid uaireanta. Sén chaoi ar cuireadh deireadh leis an aithrí sin ná go ndeacha fear chuig faoistin, agus dúirt sé leis an sagart go raibh cailín i dtrioblóid aige, agus dá gcuirfeadh sé aithrí na cruaiche air go dtiocfadh sé anuas agus go ndéanfadh sé chuile chailín san áit torthach. Chuir sé sin deireadh leis an aithrí sin. San am sin, ní raibh cead ag daoine bheith ag obair do Phrotastúnaigh. Chuirfeadh an sagart mallacht ón altóir orthu. Chuaigh fear amháin ag obair ar an séipéal Protastúnach. In aimsir na stáisiúin d’iarrtaí ar dhaoine leathchoróin (dhá scilling agus sé pingine) a íoc leis an sagart. Chuaigh an fear suas leis an tuarastal a íoc; leag sé an t-airgead ar an mbord agus d’inis sé don tsagart cá bhfuair sé é. Bhreathnaigh an sagart air, ach thóg sé airgead an mhinistéara pé scéal é.