Tag Archives: as Gaelige

History as Gaelige

Murach Sarah Moran, Jean Cattigan, Pat Fallon agus Celia Ruddy (thuas), a chaith a dtréimhse taithí oibre chúns bhíodar ar scéim FÁS, ag cló an eolais seo ar an ríomhaire, ní bheadh an leabhrán ar fáil. Buíochas ó chroí leis … Continue reading

Posted in About Currane, History as Gaelige | Tagged , | Comments Off

‘Tattie Hokers’

Ar shroichint Coarse Clay Farm dúinn tugadh mála mór dúbailte do ch’aon dhuine againn. Ba sheo é ár dtolg a bheadh le pacáil le tuí. Tugadh trí phluid dúinn freisin. Thóg muid amach na bráillíní agus na pilliúir a phacáil … Continue reading

Posted in History, History as Gaelige | Tagged , | Comments Off

Turas na Cruiche.

Sin aithrí a chuirtí ar fhear dá ngeobhadh sé cailín isteach i dtrioblóid (torthach). Chaithfeadh sé a dhul timpeall an tséipéil ar bharr Chruach Phádraig ag lámhacán méid áithrid uaireanta, agus an paidrín a rá méid áithrid uaireanta. Sén chaoi … Continue reading

Posted in History, History as Gaelige | Tagged , | Comments Off

Caitheamh aimsire san oíche

Cniotáil agus sníomh a chaitheadh an oíche. Cheannaití an olann i scáinní móra, díol dhá gheansaí. Choinníodh na fir na scáinní go ndéantaí ceirtlín díobh. Leacracha a bhí in urláir na dtithe; chuireadh na mná cheithre phionna síos i gcearnóg … Continue reading

Posted in History, History as Gaelige | Tagged , | Comments Off

Faisiúin Acla

Níl aon aimhreas ach go bhfuil go leor dena mná óga atá le feiceáil ar fud Acla slachtmhar dathúil – thabharfá álainn in aon tír ar dhuine nó beirt a chonaic muid. Tá a gcuid súile dubh-ghorm, a ngruaig dubh-rua, … Continue reading

Posted in History, History as Gaelige | Tagged , | Comments Off

An Caiptín Ó Máille (1941)

Is cuimhin liom an Caiptín Ó Máille go deimhin, agus is cuimhin liom an lá chomh maith agus dá b’é inniu é. Bhí mé ceathair déag nó cúig déag de bhlianta ag an am. Bhí sé ar mhaidí cros nuair … Continue reading

Posted in History, History as Gaelige | Tagged , | Comments Off

MacNeela agus an Caiptín Ó Máille (1941)

Ba as Acaill Íochtair a dúirt cuid dena daoine é MacNeela, ach dúirt tuilleadh go mba as an gClagán (áit ó dheas de Bhaile Chruaiche) é. Bhíodh sé i dteannta Pháidín Bán (‘ac Cormaic) amannta, ach ba i dteannta an … Continue reading

Posted in History, History as Gaelige | Tagged , | Comments Off

Smugláil (1941)

Ba smuglálaí é m’uncail Maitiú, agus thugadh sé tabac, fíon agus earraí eile ó Flush. Bhíodh sé leis an gCaiptín Ó Máille amannta, agus amannta eile le Páidín Bán ‘ac Cormaic. B’íontach an smuglálaí é Páidín, agus bhí bád dá … Continue reading

Posted in History, History as Gaelige | Tagged , | Comments Off

Muintir Mhícheáil Uí Ghallchóir (1941)

Michael Gallagher a b’ainm do mo shin-seanathair, agus mhair sé sa gCorráin, in Aird (baile beag sa gCorrán). Bhí mac aige darbh ainm Michael, agus b’shin é mo sheanathair. Bhí triúr mac agus iníon amháin sa mbaile ag mo sheanathair, … Continue reading

Posted in History, History as Gaelige | Tagged , | Comments Off

Scoltracha Náisiúnta (1941)

Is cuimhin liom nuair a déanadh an tseanscoil (an tseanscoil náisiúnta). Tá ballaí na seanscoile le feiceáil fós ar chúl an tí scoile (Scoil Náisiúnta an Chorráin faoi láthair). Sar ar déanadh aon teach scoile sa gCorrán bhí máistir as … Continue reading

Posted in History, History as Gaelige | Tagged , | Comments Off